Actinopterygii
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Epinephelus lanceolatus | |
Taifead | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Foraicme | Actinopterygii Cope, 1887 |
Ainmníocht | |
Ainm comhchiallach an tacsóin |
Áirítear na hActinopterygii (uimhir iolra de Actinopterygius) sa rang ina bhfuil na héisc ga-eiteacha ar fáil.
Tacaíonn spíone nó lepidotrichia, a bhíonn comhdhéanta de cnámh nó d'adharc, eiteacha na n-iasc seo, murab ionann is na heití fheolmhara liopacha atá mar chomhartha sóirt ag na héisc san aicm Sarcopterygii ag a mbíonn lepidotrichia freisin acu. Greamaíonn ga-eiteacha na n-actinopterygii do díreach leis na heilimintí cnámharlaigh neasacha nó bunaidh, na radúlacha, a seasann don nasc nó an ceangal idir na heití seo agus an cnámharlach inmheánach (na criosanna peilbheacha agus brollaigh).
Go huimhriúil, is iad na hactinopterygii an rang is mó i dtreis sna veirteabraigh, a chuimsíonn beagnach 99% de na níos mó ná 30,000 speiceas. Tá siad uileláithreach ar fud na dtimpeallachtaí mara agus fionnuisce, ón fharraige mhór dhomhain chun na sruthanna sléibhe is airde. Téann méide na speiceas a mharthain i raon ó Paedocypris, ag 8 mm, go dtí an tIasc Gréine ollmhór, ag 2,300 kg, agus an Rámhach fad-chollainneach, ar 11 m.
Saintréithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn éisc ga-eiteacha le fáil i bhfoirmeacha éagsúla go leor. Taispeántar sa léaráid, ar thaobh na láimhe clé, na gnéithe is mó den iasc ga-eiteach tipiciúil
Aicmiú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Go traidisiúnta bhí na hactinopterygii roinnte i bhfo-aicmí 'Chondrostei' agus 'Neopterygii' . Bhí na Neopterygii, faoi seach, roinnte sna hinfrearanganna 'Holostei' agus 'Teleostei' . Tugann roinnt fianaise moirfeolaíocha le fios go bhfuil na Neopterygii paraifíliginiteach; mar sin féin, d'eagraigh obair le déanaí, bunaithe ar ord na dtacsón, an seicheamh éabhlóideach síos go dtí leibhéal an oird, bunaithe go príomha ar an stair fhada an staidéir moirfeolaíocha. Tá an t-aicmiú seo, mar aon le tacsanomaíocht ar bith eile, bunaithe ar taighde fíliginiteach,ata ag síorathrú. Céad-Láithreáin Siolúracha atá ar marthain