Acht Caomhanta na nDaoine (Comhachta Speisialta), 1926

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Dáil

Tugann Acht Caomhanta na nDaoine (Comhachta Speisialta), 1926[1] cumhachtaí don rialtas go fóill forógra a eisiúint go bhfuil staid phráinne náisiúnta ann[2], ionas gur féidir tabhairt faoi bheartais urghnácha chun a chur in áirithe go ndéanfar go cuí riachtanais na beatha a sholáthar don phobail agus do roinnt orthu agus gur féidir rialacháin a dhéanamh chun cosc a chur le taisceadh agus brabúsaíocht le linn na staide práinne sin.[3]

Comhthéacs[cuir in eagar | athraigh foinse]

Achtaíodh an dlí ar 17 Bealtaine 1926, go díreach i ndiaidh na hOllstailce sa Bhreatain agus le stailc ghuail ar siúl thall ansin fós,

Níor baineadh úsáid as na cumhachtaí riamh, ach níor aisghaireadh an tAcht ach an oiread. Dár ndóigh, ní chuireann Airteagal 28.3.3°[4] cosc ar agóid a dhéanamh in gcoinne an Achta ar bhonn bunreachta. Os a choinne sin, tugann sé údarás arbh fhéidir iad a agairt i gcúinsí taobh amuigh d'aimsir chogaidhceannairce faoi arm (fiú sa chiall is leithne atá acu) mar a tuaradh san fho-alt sin.

Tá reacht eile ann a achtaíodh ar 17 Bealtaine 1861, nár cuireadh i bhfeidhm agus nár aisghaireadh riamh ar an gcuma chéanna—the "Foreign Law Ascertainment Act, 1861'.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]