Jump to content

Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924
Dáta na bliana1924 Cuir in eagar ar Wikidata


scálaí an chirt, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath

Achtaíodh an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924. ar an 11 Meitheamh 1924.[1] Mar sin, cuireadh córas cúirteanna agus córas breithiúnach an lae inniu ar bun sa Stát.[2] Bhain an stáit a neamhspleáchas amach le gairid.[3]

Ó thaobh na praiticiúlachta de, tharla go raibh roinnt de na hathruithe ba thábhachtaí ag leibhéal íseal,

  • trí bhreithiúna gairmiúla a thabhairt isteach sa Chúirt Dúiche ar bhonn buan (in áit na giúistíseachta a bhí ann roimhe sin) agus
  • trí Chúirt Chuarda a chruthú in áit na gCúirteanna Ceathrú Seisiúin agus na Cúirte Contae a bhíodh ann.

San Acht seo, glacadh leis an gcomhairle, den chuid is mó, a thug coiste a raibh Séamas Mac Cathmhaoil, 1ú Bharún Lann Abhaigh, ina chathaoirleach air (bhí sé ina Chathaoirleach ar Sheanad Éireann ag an am céanna).

Osclaíodh na hUaschúirteanna nua go hoifigiúil ag Caisleán Bhaile Átha Cliath ar 11 Meitheamh 1924.[4]

Sa bhliain chéanna, athainmníodh an Roinn um Ghnóthaí Dúiche mar an Roinn Dlí agus Cirt faoin Acht Airí agus Rúnaithe, 1924.

Rinneadh achomhairc faoi alt 29(2) sa bhliain 2007.[5]

Luaitear i bhforálacha alt 71 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924:

'Sa mhéid gur féidir é agus gach ní a bhaineann leis an scéal d'áireamh, beidh ag an mBreitheamh den Chúirt Dúithche, a ceapfar do Dhúthaigh ina bhfuil líomatáiste ina bhfuil an Ghaedhilg in úsáid ghenerálta, oiread eolais ar an nGaedhilg agus chuirfadh ar a chumas déanamh in éamais conganta o fhear teangan agus fianaise á tabhairt sa teangain sin.'

Is é an rialtas atá freagrach as an moladh seo a chur i bhfeidhm. Ach tá deacrachtaí ann go hannamh.[6]

Ar 20 Meitheamh 2019, de réir breithiúnais san Ard-Chúirt, sa chás Ó Cadhla v an tAire Dlí, tá dualgas ar an Stát gach iarracht réasúnta a dhéanamh breitheamh le Gaeilge a fháil le cás a éisteacht in aon chúirt dúiche sa tír,[7],[8]

  1. Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1924" (ga). achtanna.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-05-13. Dáta rochtana: 2020-06-10.
  2. The Department of Justice and Equality. "Luathstair na Roinne" (ga). The Department of Justice and Equality:. Dáta rochtana: 2020-06-10.
  3. UCD School of Law (2017). "An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-06-10.
  4. "11 June 1924: Opening Ireland’s Law Courts | Dublin Castle" (en-US). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-10. Dáta rochtana: 2020-06-10.
  5. Courts Service of Ireland. "TREORACHA CLEACHTAIS:TREORACHA CLEACHTAIS / An Chúirt Uachtarach:SC14 - Achomhairc faoi alt 29(2) den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (arna leasú ag an Acht um Cheartas Coiriúil 2006 agus ag an Acht um Cheartas Coiriúil 2007)". www.courts.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-10. Dáta rochtana: 2020-06-10.
  6. "Acht Cúirteanna Breithiúnais: 31 Jan 2007: Written answers (KildareStreet.com)". www.kildarestreet.com. Dáta rochtana: 2020-06-10.
  7. "O Cadhla v An Taire Dli & ors | [2019 IEHC 851 | High Court of Ireland | Judgment | Law | CaseMine]" (en). www.casemine.com. Dáta rochtana: 2020-06-10.
  8. "Ceart teanga faoin mbunreacht é Breitheamh le Gaeilge a fháil – cinneadh Ard-Chúirte" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-10.