Abhainn Rosien

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is abhainn i ndeisceart Oileán Mhanann í Abhainn Rosien (Béarla: Silver Burn). Tosaíonn an abhainn i ngar do Baarool Jiass agus ritheann sí ó dheas go Baile Chaistil, áit a dtéann sí isteach i Muir Éireann. Ar an mbealach go dtí an mhuir, téann an abhainn thar Balley Keeill Varkysh (Baile Chill Mharcais) agus trí Balley Sallagh, áit a dtéann sí faoi Dhroichead na Manach, agus ansin isteach san fharraige ag Baile Chaistil.