Aarhus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Aarhus - lár na cathrach agus calafort

Cathair sa Danmhairg is ea Aarhus (Århus ón mbliain 1948 go 2010). Tá an chathair suite in oirthear na hIútlainne, leithinis mhór idir an Mhuir Bhailt agus an Mhuir Thuaidh. Bhí breis is 242,000 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2010 agus is í Aarhus an chathair is mó sa tír sin ach amháin an phríomhchathair, Cóbanhávan.

Tá calafort mór ann, agus an dara hollscoil is mó sa tír. Bunaíodh Ollscoil Aarhus sa bhliain 1928 agus tá breis is 34,000 mac léinn ag freastal uirthi anois.

Tá teach tábhairne Éireannach, darb ainm Tír na nÓg, i lár na cathrach.

Íomhánna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comhchathracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Aarhus nasctha le cathracha éagsúla mar seo a leanas:

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]