AUTODOC
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Cineál | sochaí na hEorpa | ||||
| Foirm dlí | Societas Europaea | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | 1 Bealtaine 2008 | ||||
| Bunaitheoir(í) | Dmitri Zadorojnii, Alexei Kletenkov Lennart Schmidt | ||||
| Gníomhaíocht | |||||
| Limistéar oibriúcháin | an tAontas Eorpach, an Ríocht Aontaithe agus an Iorua | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú | |||||
| Líon fostaithe | 6,000 (2024) | ||||
| Táscaire eacnamaíoch | |||||
| Ioncam iomlán | 1,555 M€ (2024) | ||||
| Suíomh gréasáin | https://www.auto-doc.ie/ | ||||
Is comhlacht r-thráchtáil é AUTODOC SE a dhíolann páirteanna gluaisteán agus táirgí gaolmhara i 27 tír Eorpach, foinse eolais maidir le páirteanna breise gluaisteán agus cothabháil feithiclí. Is iad daoine aonair agus gníomhairí beaga na custaiméirí is mó atá acu.[1][2][3]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh AUTODOC i 2008 mar E&S Pkwteile GmbH ag Alexej Erdle, Max Wegner, agus Vitalij Kungel. Ina blianta luatha, bhí an comhlacht lonnaithe i mBeirlín-Weißensee. Ó 2010 ar aghaidh, tá a oifig agus a spásanna lóistíochta bunaithe i mBeirlín-Lichtenberg. Thosaigh an leathnú isteach san Ostair agus san Eilvéis i 2011, agus lean an rochtain ar an RA, an Fhrainc, an Iodáil, agus an Spáinn i 2012.[4]
I 2015, athainmnigh an comhlacht mar AUTODOC GmbH. Faoi 2016, sháraigh a ioncam bliantúil €100 milliún, agus i 2017, sháraigh sé €250 milliún.[5]
I 2018, mhéadaigh AUTODOC a réimse táirgí chun páirteanna breise do thrucailí agus feithiclí tráchtála eile a cur san áireamh.[3]
I 2021, sháraigh ioncam bliantúil an chomhlachta €1 billiún.[6]
I 2018, d’ aithin an comhlacht sa Financial Times mar cheann de na comhlachtaí is gasta a bhí ag fás san Eoraip bunaithe ar ioncam.[7][8]
I mí Meán Fómhair 2021, d'athraigh AUTODOC a foirm dhlíthiúil ó GmbH go comhlacht poiblí teoranta. Ó mhí na Samhna 2022, oibríonn an comhlacht mar AUTODOC SE (Societas Europaea).[9]
I 2023, tháinig fás ar ioncam AUTODOC go 1.3 billiún euro. I 2024, bhain AUTODOC díolacháin de thart ar 1.6 billiún euro amach[10].
Achoimre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Áirítear ar raon táirgí na cuideachta thart ar 6.7 milliún páirt spártha do ghluaisteáin, trucailí agus gluaisrothair ó na hearnálacha inneall, chassis, soilsiúcháin, leictreachais, aerála agus bonn do bhreis is 75,000 samhail feithicle (2,500 monaróir branda do 176 branda gluaisteán, 23 branda trucailí agus 154 branda gluaisrothair). Feidhmíonn AUTODOC i 27 tír Eorpach agus fostaíonn sé thart ar 6,000 duine ar fud 13 shuíomh.[10][11][12]
I 2018, bhí AUTODOC mar comhpháirtí oifigiúil an Railí Máistrí ADAC.[13]
I 2019, bhí AUTODOC mar comhpháirtí oifigiúil den Chraobh Dhomhanda Railí FIA (WRC) agus mar urraitheoir ag gach babhta san Eoraip.[14][15]
Sa bhliain chéanna, lainseáil AUTODOC ardán ar líne AUTODOC CLUB agus[16] i 2020 chuir sé amach aip AUTODOC CLUB do iOS agus Android agus clár AUTODOC PLUS.[17][18]
Cuireann AUTODOC faisnéis úsáideach ar fáil d’úinéirí gluaisteán trína ardáin ar líne. Foilsíonn sé ailt, treoracha, agus ranganna teagaisc físe ar chothabháil agus ar dheisiú feithiclí. Tá rochtain ar na hábhair seo trí bhlag shuíomh Gréasáin AUTODOC agus ardán Club AUTODOC, a thairgeann breis is 2,500 lámhleabhar agus físeán PDF, chomh maith le huirlisí chun stair seirbhíse agus costais a rianú[10].
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Online-Teilehändler: Rasantes Wachstum und Börsengerüchte bei Autodoc. In: Autohaus (Fachzeitschrift). 2. September 2021, abgerufen am 25. Juli 2022.
- ↑ Gerhard Mauerer: Nun in 27 Ländern Europas vertreten: Autodoc wächst im ersten Halbjahr um 35 Prozent. Curtha i gcartlann 2022-02-18 ar an Wayback Machine In: Automobilwoche. Crain Communications GmbH, 4. August 2020, abgerufen am 12. April 2023.
- 1 2 Autodoc expandiert weiter und bietet nun auch Lkw-Teile an. In: Finanzen.net. 5. Dezember 2018, abgerufen am 10. Dezember 2018.
- ↑ Autodoc feiert 10-jähriges Jubiläum. In: Presseportal. 4. Juli 2018, abgerufen am 30. Oktober 2018.
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "".
- ↑ Ingo Jagels: Autodoc steigt zum Umsatz-Milliardär auf. In: amz (Fachzeitschrift). 21. Juni 2022, abgerufen am 25. Juli 2022.
- ↑ Ian Smith, David Blood, Ændrew Rininsland: The FT 1000: The Complete List of Europe’s Fastest-Growing Companies. In: Financial Times. 6. April 2018, archiviert vom Original (nicht mehr online verfügbar) am 6. April 2018; abgerufen am 11. Juni 2019 (englisch).
- ↑ Daniel Mohr: Das Wachstumswunder aus Berlin. In: Frankfurter Allgemeine Sonntagszeitung. 15. August 2021, abgerufen am 16. September 2021.
- ↑ Autodoc: Wenn aus einer Deutschen eine Europäische Aktiengesellschaft wird. In: Autohaus. 23. November 2022, abgerufen am 15. Dezember 2022.
- 1 2 3 "Facts and figures: AUTODOC in numbers" (en).
- ↑ Ingo Jagels: Autodoc steigt zum Umsatz-Milliardär auf. In: amz (Fachzeitschrift). 21. Juni 2022, abgerufen am 25. Juli 2022.
- ↑ Menschen schrauben gern am eigenen Auto – Online-Ersatzteilhändler Autodoc expandiert stark. In: Frankfurter Allgemeine Zeitung. 11. Dezember 2018.
- ↑ Die starken Partner der ADAC Rallye Deutschland 2018. Curtha i gcartlann 2020-10-21 ar an Wayback Machine In: ADAC Motorsport. Abgerufen am 19. Oktober 2020.
- ↑ WRC seals Autodoc partnership. Abgerufen am 5. Juni 2019 (englisch).
- ↑ 23. Januar 2019 | AUTODOC steigt 2019 in das Sponsoring der FIA World Rally Championship (WRC) ein. In: cometis AG. 23. Januar 2019, abgerufen am 13. Juni 2019.
- ↑ Post Patrocinado. "Autodoc, la app para comprar cualquier recambio que tu coche necesite" (es). Applicantes - Información sobre apps y juegos para móviles. Dáta rochtana: 2024-08-09.
- ↑ Europa Press (2020-05-28). "Autodoc lanza un programa de condiciones especiales para clientes habituales". www.europapress.es. Dáta rochtana: 2024-08-09.
- ↑ Europa Press (2020-04-29). "Autodoc continúa su ritmo de crecimiento". www.notimerica.com. Dáta rochtana: 2024-08-09.