AJAX
Jump to navigation
Jump to search
Is teicníc le haghaidh forbairt Gréasáin é Asynchronous JavaScript And XML, nó a acrainm AJAX, a úsáidtear chun feidhmchláir Ghréasáin idirghníomhacha a chruthú. Is é a chuspóir ná an lód a bhogadh ón bhfriothálaí go dtí ríomhaire an scimeálaí.[1]
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Chum Jesse James Garrett an téarma Ajax in alt a foilsíodh ar láithreán idirlín Adaptive Path i bhFeabhra 2005. Ní teicneolaíocht nua a bhí ann ach acrainm ghairid le haghaidh modhanna ríomhchlárúcháin a bhí á úsáid go forleathan le feidhmchláir idirlín idirghníomhacha a chruthú.
Teicneolaíochtaí a úsáidtear[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is teaglaim ceithre theicneolaíocht atá ann fós í AJAX:
- XHTML (nó HTML) agus stílbhileoga cascáideacha (CSS) le haghaidh an dearadh a bhíonn in éineacht leis na sonraí.
- Document Object Model (DOM).
- An oibiacht XMLHttpRequest le haghaidh mhalartú sonraí go haisioncronach leis an riarthóir Idirlín.
- Is í XML an fhormáid a úsáidtear go hiondúil chun na sonraí a iarrtar a aistriú go dtí an freastalaí.
Ar nós DHTML, LAMP nó SPA, ní teicneolaíocht í AJAX seachas téarma a úsáidtear le haghaidh cur síos ar ghrúpa teicneolaíochtaí a oibríonn le chéile.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Moore, John (2008-07-07). "What is Ajax?". RIAspot.com. Dáta rochtana: 2008-07-24.
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
- AJAX ag an Open Directory Project.
- Rang teagaisc Ajax le samplaí get, post, text agus XML.
- Attacking AJAX Web Applications Cur i láthair ar bhuncheisteanna slándála a tugadh ag comhdháil slándála Black Hat i Lúnasa 2006.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |