A1 (Tuaisceart Éireann)
Aitheantóir | A1 | ||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
Cuid de | Íomhá:Luach ar iarraidh (Bealach Eorpach E1 sa Ríocht Aontaithe) | ||||||
Cineál | bóthar | ||||||
Fad | 42.5 mi | ||||||
Bealach | |||||||
Stáit | |||||||
Áiteanna trasnaithe | |||||||
Naisc | |||||||
|
Príomhbhóthar i dTuaisceart Éireann is ea an A1. Tosaíonn sé i lár Bhéal Feirste thart fá cheathrú míle siar ó Halla na Cathrach. Leanann sé frí dheisceart na cathrach ar Bhóthar Lios na gCearrbhach go Fionn Achaidh, Dún Muirígh, agus ina ndiaidh sin go Cathair Lios na gCearrbach féin.
Críochnaíonn an cúrsa cóngarach do Bhaile an Chláir i ndeisceart Chontae Ard Mhacha, ag an teorainn le contae na Poblachta, Contae Lú. As sin leanann an bóthar ar aghaidh go Baile Átha Cliath darb ainm an N1.
I láthair na huaire, is é an M1 an t-ainm don mhótarbhealach, a bhfuil ina sheachbhóthar leis an A1 ó lár Bhéal Feirste go Sprucefield, suite míle i ndiaidh Lios na gCearrbhach. As sin go ceann thart fá scór mhíle, tá carrbhealach dúbailte déanta fá choinne mhéid na tráchta ar an bhóthar seo is gnóthaí ar Éire.
Feabhsú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Téann an A1 thar Iúr Cinn Trá ar sheachbhóthar beag, ach tá an rialtas ó thuaidh ag súul go mbeidh an t-airgead curtha ar fáil dóibh ins na blianta beaga seo chugainn, agus go mbeidh siad in ann carrbhealach d’ardchaighdeán (le ceangail ar nós mótarbhealaigh srl) a dhéanamh in áit sheachbhóthar an Iúir síos go Dún Dealgan i gContae Lú. Cuirfidh an togra seo deireadh leis an tionscadal a bhí ag an dá rialtas, chun mótarbhealach/carrbhealach a dhéanamh idir Béal Feirste agus Baile Átha Cliath.
Áiteacha ar an chúrsa
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Béal Feirste (ceangail leis an A11 agus an B23)
- Fionn Achaidh (A55)
- Dún Muirígh (B102 (deireadh Bhóthar Bhaile Andarsan), A512 (Seachbhóthar Dún Muirígh))
- Lann Bheag
- Lios na gCearrbhach (A3, A30, A49, B101, B104, B23)
- Cromghlinn (B177, B178)
- Droim Mór (B2, B25)
- Doichead na Banna (A26, A50, B10)
- Loch Bricleann (B3)
- Iúr Cinn Trá (A25, A27, A28, B8, B113, B133)
- Baile an Chláir (N1 ar aghaidh go BÁC)
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |