N7
Cuma
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: As dáta?
Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
Aitheantóir | N7 agus M7 |
---|---|
Cuid de | (Bealach Eorpach E20 in Éirinn) |
Cineál | bóthar |
Fad | 186.89 km |
Bealach | |
Stáit | |
Áiteanna trasnaithe |
Ceanglaíonn an N7 Baile Átha Cliath (ag an M50) le Luimneach. Tá an cúrsa iomlán timpeall 195 ciliméadar (120 mhíle) i bhfad, agus tá an bóthar an-tábhactach don Plean Forbartha Náisiúnta. Faoi láthair na huaire, tá sé á atógáil mar mhótorbhealach (mar an M7) ag an Údarás um Bóithre Náisiúnta.
Bealach an N7
Sular thosnaíodh ar thógáil an mhótorbhealaigh M7, bhí na bailte seo suite ar bhealach an N7:
- Teach Sagard, Contae Átha Cliath
- Ráth Cúil, Contae Átha Cliath
- An Nás, Contae Chill Dara
- Droichead Nua, Contae Chill Dara (óna théann an M9/N9 ó dheas go dtí Port Láirge)
- Cill Dara, Contae Chill Dara
- Mainistir Eimhnín, Contae Chill Dara
- Baile Briotás, Contae Laoise
- Port Laoise, Contae Laoise (óna théann an M8/N8 ó dheas go dtí Corcaigh) agus an N80 ó dheas go dtí Ceatharlach agus ó thuaidh go dtí Áth Luain)
- Maighean Rátha, Contae Laoise
- Buiríos Mór Osraí, Contae Laoise
- Ros Cré, Contae Thiobraid Árann (óna théann an N62 ó thuaidh go dtí Biorra agus ó dheas go dtí Dúrlas)
- Dún Chairin, Contae Uíbh Fhailí
- Muine Gall, Contae Uíbh Fhailí
- Tuam Uí Mheardha, Contae Thiobraid Árann
- An tAonach, Contae Thiobraid Árann (óna théann an N52 ó thuaidh go dtí Áth Luain))
- Cnoc an Éin Fhinn, Contae Thiobraid Árann
- Áth na Coite, Contae Luimnigh
Tógáil an Mhótarbhealaigh M7
Sa bhliain 2009, bhí tógáil an M7 curtha i gcríoch idir An Nás agus Port Laoise agus idir Áth na Coite agus deireadh an N7 ag Timpeallán Ráth Bhán ar imeall Luimnigh. Is mór-bhóithre dúbailte de chaighdeán mhótarbhealaigh an stráicé idir Baile Átha Cliath agus An Nás
Tá sé beartaithe go n-osclófar stráiceanna eile an M7/N7 mar a leanas:
- M7 Port Laoise go dtí Buiríos Mór Osraí, 2009
- M7 Buiríos Mór Osraí go dtí Tuam Uí Mheardha, 2011
- M7 Tuam Uí Mheardha go dtí Áth na Coite, 2009
- M7 Ráth Bhán go dtí an N18 i gCuanach (Tollán na Sionainne), 2010
Féach freisin
Tagairtí
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |