Thomas Francis Meagher
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 3 Lúnasa 1823 Port Láirge |
Bás | 1 Iúil 1867 43 bliana d'aois Fort Benton, Montana |
Siocair bháis | Bás tionóisceach (Bá) |
Governor of Montana Territory (en) | |
Meán Fómhair 1865 – 3 Deireadh Fómhair 1866 ← Sidney Edgerton – Green Clay Smith → | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Stonyhurst |
Gníomhaíocht | |
Gairm | oifigeach míleata, polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | an Chónaidhm Éireannach |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Arm na hAontachta |
Céim mhíleata | maorghinearál |
Coinbhleacht | Cogadh Cathartha na Stát Aontaithe |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne | |
Eile | |
Athair | Thomas Meagher |
Ciontaíodh i | ceannairc (1848) |
Náisiúnach Éireannach ba ea Thomas Francis Meagher (3 Lúnasa 1823 – 1 Iúil 1867). Bhí sé ina cheannaire ar na hÉireannaigh Óga agus i gceannas éirí amach na bliana 1848.[1]
Saol
Ba phoblachtaigh iad na hÉireannaigh Óga agus theastaigh suaitheantas ar leith uathu a chuirfeadh a gcuid poblachtachais in iúl go soiléir.[2] Bhronn Meagher bratach trí dhathach, Bratach na hÉireann inniu, ar chruinniú i mB.Á.C. I bPort Láirge, D'ardaigh Meagher an bhratach thrídhathach den chéad uair ar an 7 Márta 1848[3].
Bhunaigh sé féin agus William Smith O’Brien an Chónaidhm Éireannach[4] i Mí Eanáir 1847. I Mí Mhárta 1848 d’fhógair sé go raibh gá le Garda Náisiúnta agus thug faoi éirí amach a chur ar bun. Ciontaíodh é as tréas ar 15 Bealtaine 1848 ach níor daoradh é.[5]
Cuireadh ar long go dtí Van Diemen’s Land é (an Tasmáin inniu). Phós sé ann Catherine Bennett i 1851. D’éalaigh sé as Van Diemen’s Land an bhliain dár gcionn.
Throid Meagher i gCogadh Cathartha Mheiriceá.
Bádh Meagher in abhainn an Missouri, is cosúil 1 Iúil 1867 (níl muid ró-chinnte céard a tharla),
Tagairtí
- ↑ "Memoirs of Gen. Thomas Francis Meagher : comprising the leading events of his career chronologically arranged, with selections from his speeches, lectures and miscellaneous writings, including personal reminiscences" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-07-01.
- ↑ Is í an Bhratach Uaine a bhí in úsáid ag lucht leanúna Dhónaill Uí Chonaill ag an am. "Vincent Morley". home.connect.ie. Dáta rochtana: 2020-07-01.
- ↑ Eleathanach, 12 Márta 2018
- ↑ ""an Chónaidhm Éireannach"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-07-01.
- ↑ Gwynn, Denis (1949). Young Ireland and 1848, lgh 165–187. Cork University Press.