Jump to content

Féithleann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leagan ó 20:02, 29 Bealtaine 2023 le Kevin Scannell (plé | dréachtaí)
(diff) ← An leasú roimhe seo | Leagan reatha (diff) | An chéad leasú eile → (diff)
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoFéithleann
Lonicera Cuir in eagar ar Wikidata

Lonicera ciliosa Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhcaor Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdDipsacales
FineCaprifoliaceae
GéineasLonicera Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Cineál tacsanomaíochLonicera caprifolium Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmníocht
Ainm comhchiallach an tacsóin
Nintooa Cuir in eagar ar Wikidata

Tor nó planda féithleanta sa ghéineas Lonicera is ea féithleann. Tá sé dúchasach don chrios measartha i Meiriceá Thuaidh agus san Eoráise.[1] Tá thart ar 180 speiceas féithleann ar eolas ar an dá mhór-roinn.[1] I measc na speiceas ar fearr aithne orthu, tá Lonicera periclymenum (féithleann coitianta), Lonicera japonica (féithleann Seapánach) agus Lonicera sempervirens (féithleann trumpa). Is speiceas coimhthíoch an-ionrach é L. japonica a mheastar a bheith ina lotnaid shuntasach áiteanna éagsúla i Meiriceá Thuaidh, san Eoraip, i Meiriceá Theas, san Astráil agus san Afraic.[1]

Tá roinnt speiceas thar a bheith cumhra agus ildaite, agus mar sin saothraítear iad mar phlandaí ornáideacha. I Meiriceá Thuaidh, meallann na bláthanna dordéin, go háirithe L. sempervirens agus L. ciliosa (féithleann oráiste). Tagann an t-ainm Béarla honeysuckle ón neachtar milis inite atá ar fáil óna bhláthanna.[2] Tagann an t-ainm Lonicera ó Adam Lonicer, luibheolaí de chuid na hAthbheochana.[1]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Lonicera japonica”. CABI (29 Samhain 2018). Dáta rochtana: 3 Lúnasa 2019.
  2. Honeysuckle”. Merriam-Webster Dictionary (2017).