Jump to content

Apsaint

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leagan ó 10:23, 6 Feabhra 2023 le Alison (plé | dréachtaí)
(diff) ← An leasú roimhe seo | Leagan reatha (diff) | An chéad leasú eile → (diff)
Bosca Sonraí DeochApsaint
Cineálflavored liquor (en) Aistrigh
Tionscnaimhan Eilvéis
Comhábhairmormónta
Tréithe
Céim alcólach65 vol% Cuir in eagar ar Wikidata
Dathglas

Réimse biotáillí de bhun na bplandaí apsainte is ea an apsaint, agus go ginearálta 45%-74% ADT (alcól de réir toirte) aici. Go traidisiúnta, bíonn dath glas aici go nádúrtha, ach is féidir léi freisin a bheith gan dath. Sa litríocht stairiúil, tugtar uirthi go minic la fée verte ('an tsíog ghlas', as Fraincis). Is as Cantún Neuchâtel, san Eilvéis, í an apsaint ar dtús, agus fuair sí éileamh mór sa Fhrainc ar feadh deiridh na 19ú, agus tosú na 20ú, haoise. Mar gheall go pointe áirithe ar an gceangal a braitheadh idir í agus an gcultúr boihéamach, chuir caoimhigh sóisialta an lae go mór ina héadan.