23-F

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Antonio Tejero (ar an ardán agus gunna ina láimh aige) tar éis bhriste isteach sa Congreso de los Diputados (23 Feabhra, 1981)

Sa Spáinnis, seasann an giorrúchán 23-F don iarracht a rinne dornán d'oifigigh ón eite dheas ar an 23 Feabhra 1981 an pharlaimint a chur as cumhacht agus deachtóireacht mhíleata a thabhairt isteach sa Spáinn arís.

D'ionsaigh dhá chéad Garda Sibhialta áras na parlaiminte i Maidrid, Cortes, faoi cheannas an Choirnéil Antonio Tejero Molina, agus choinnigh siad na Feisirí i mbraighdeanas thar oíche ansin. Bhí comhghuaillithe acu san Arm taobh amuigh, go háirithe i València, áit ar tháinig na tancanna amach sna sráideanna nuair a bhí an coup d'état ar siúl.

Congreso de los Diputados, an Dáil

Sa deireadh, áfach, d'fhógair an Rí Juan Carlos nach raibh sé ag tacú leis an gcoup ar aon nós, agus sa deireadh, thit an tóin as an eachtra. Faoin neartlá ar an gceathrú lá fichead de Mhí Feabhra, 1981, ghéill Tejero agus lucht a leanúna iad féin do na húdaráis, agus bhí an daonlathas slán arís.

Na radacaigh ar an eite chlé a bhí an-mhíshásta leis an monarcacht ar chúiseanna prionsabálta, chuaigh sé go mór mór i bhfeidhm orthu gur chosain Juan Carlos an daonlathas in am an ghátair.

M-47

Nuair a bhí an coup thart, chualathas Santiago Carrillo, ceannaire na gCumannach, ag rá: Go soirbhí Dia dár Rí as a stuaim féin, cé go raibh sé ar dhuine de na naimhde ba mhó a bhí ag an monarcacht roimhe sin. Mar sin, ní dhearna an eachtra ach treisiú leis an daonlathas agus le cobhsaíocht pholaitiúil na Spáinne.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]