2,2,4- trímheitilpeantán
2,2,4- trímheitilpeantán | |
---|---|
![]() |
![]() |
Aitheantóirí | |
Uimhir CAS | 540-84-1 |
Airíonna | |
Foirmle mhóilíneach | (CH3)3CCH2CH(CH3)2 |
Mais mhóilíneach | 88.106 g/mol |
Dlús | 0.692 g/cm3 |
Leáphointe | −107.38 °C |
Fiuchphointe | 99.30 °C |
Guaiseacha | |
NFPA 704 | ![]() ![]() ![]() |
Is comhdhúil orgánach é 2,2,4-trímheitilpeantán , ar a dtugtar isea-ochtán freisin, leis an bhfoirmle (CH3)3CCH2CH(CH3)2. Tá sé ar cheann de roinnt isiméirí ochtáin (C 8 H 18 ). Is é an t-isiméir áirithe seo an pointe caighdeánach 100 ar an scála rátála ochtáin (n-heaptán is ea an nialasphointe ). Is cuid thábhachtach de ghásailín é, a úsáidtear go minic i gcionmhaireachtaí réasúnta mór chun na friotaíochta cnagtha an bhreosla a mhéadú.
Ó cheart, má leantar an bhrí chaighdeánach ‘isea’, ba cheart an t-ainm isea-ochtán a chur in áirithe don isiméir 2-meitilheaptán. Mar sin féin, is é 2,2,4-trímheitilpeantán an t-isiméir is tábhachtaí d' ochtán agus mar sin, go stairiúil, sannadh an t-ainm seo dó.
Táirgeadh[cuir in eagar | athraigh foinse]
Táirgtear isea-ochtán ar scála ollmhór sa tionscal peitriliam trí iseabúitéin a hailciliú le hiseabúitéin. Déantar an próiseas in aonaid ailcilithe i láthair aigéad catalaíoch .
Is féidir é a tháirgeadh freisin ó hiseabúitiléin trí démhéireacht a dhéanamh le catalaíoch Amberlyst chun meascán de isea-ochtáin a tháirgeadh. Táirgeann hidriginiú an mheascáin seo 2,2,4-trímheitilpeantán . [1]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Dimerization of isobutylene, Amberlyst.com