Jump to content

Úsáideoir:Apotaaaym/Wymondham

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teimpléad:Bosca Sonraí - Cathracha

Is baile margaidh agus paróiste sibhialta é Wymondham i Norfolk, Sasana, 15.3 ciliméadar siar ó dheas ó Norwich, ón mbóthar A11 ó Norwich go Londain. Ritheann Abhainn na Tiffey trí chuid theas an bhaile.[1] Tá an paróiste ar cheann de na paróistí is mó i Norfolk agus áirítear leis ceantair thuaithe ó thuaidh agus ó dheas den bhaile féin, lena n-áirítear gráigeanna Suton, Silfield, Spooner Row agus Wattlefield.[2] Bhí daonra de 14,405 sa pharóiste in 2011,[3] agus bhí 13,587 díobh ina gcónaí sa bhaile féin.[4]

D'fhorbair an baile le linn na tréimhse Angla-Shacsanaigh. Le bunú na mainistreach i 1107, agus an mhargaidh i 1204, thosaigh an baile ag leathnú. D'fhorbair tionscal: bhí Wymondham ina lárionad déanta scuab. Choinnigh an baile monarchana scuab go dtí deireadh an 20ú haois.[5] Leathnaigh sé go gasta mar a tógadh tithíocht nua ó thuaidh agus soir ó lár an bhaile.[6] Ciallaíonn tógáil débhealaigh[7] agus forbairt naisc iarnróid thapa go Norwich, Cambridge agus níos faide anonn, gur pobal comaitéireachta é an baile anois.[8] I measc na mórfhostóirí áitiúla tá ceanncheathrú Chonstáblacht Norfolk agus monarcha carranna Lotus ag Hethel in aice láimhe.[9]

Cé go ndearnadh damáiste mór dó sa dóiteán i 1615, tá sainchomharthaí agus foirgnimh liostaithe i lár an bhaile, ina bhfuil Mainistir Wymondham. Leanann Wymondham nua-aimseartha ag fás. Glacann plean gníomhaíochta reatha an údaráis áitiúil le 2,200 teach nua a thógáil faoi 2026, agus é á chur chun cinn mar "baile margaidh atá ag breathnú chun cinn a chuimsíonn fás inbhuanaithe chun a fhéiniúlacht uathúil agus a phobal a fheabhsú."[6]

  1. Ordnance survey (GB), Ordnance survey (GB) (2015). "OS Explorer. Wymondham, Attleborough & Watton 237, 237," (as English). OCLC 1108335537. 
  2. "Parish-Summary-Wymondham-(Parish-Summary) - Norfolk Heritage Explorer" (en-GB). www.heritage.norfolk.gov.uk. Dáta rochtana: 2019-11-27.
  3. "Local Area Report for areas in England and Wales" (en-GB). www.nomisweb.co.uk. Dáta rochtana: 2019-11-27.
  4. "Local Area Report for areas in England and Wales" (en-GB). www.nomisweb.co.uk. Dáta rochtana: 2019-11-27.
  5. "Brushmaking" (en-GB). www.wymondhamheritagemuseum.co.uk. Dáta rochtana: 2019-11-27.
  6. 6.0 6.1 South Norfolk Council (Deireadh Fómhair 2015). "Wymondham Area Action Plan" (as en-GB). 
  7. Richard Bond. "Roadworks finish after 40-year wait" (en-GB). Dáta rochtana: 2019-11-27.
  8. Emily Thomson. "Multi-million pound new trains travelling from Norwich to Cambridge are launched" (en-GB). Eastern Daily Press. Dáta rochtana: 2019-11-27.
  9. "Town History" (en-GB). Wymondham Town Council. Dáta rochtana: 2019-11-27.