Jump to content

Úsáid mhídhleathach drugaí in Éirinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Faireachán drugaí na gCustaim in Éirinn

Shamhlóinn gur beag duine in Éirinn nach bhfuil cur amach pearsanta de shaghas éigin acu ar na fadhbanna a bhaineann le mí-úsáid drugaí agus alcóil, agus úsáid mhídhleathach drugaí.[1] Dar le daoine áirithe, tá an tír ag cur thar maoil le drugaí aindleathacha agus tá na húdaráis ag streachailt sa troid i gcoinne mí-úsáid drugaí.

Nirvana head shop, Sráid Capel, BAC. Scriosadh é in 2010.[2][3]

Tháinig méadú mór ar líon na ndaoine a fuair bás de bharr drugaí idir 2010-2020 – 218 ó thuaidh[4] agus 409 ó dheas[5] sa bhliain 2020, daoine óga a bhformhór. Bhásaigh 397 eile ó dheas de bharr cúiseanna eile a bhain le drugaí (crochadh, taomanna croí srl). Tá meabhairghalar agus ganntanas seirbhísí meabhairshláinte fite fuaite le úsáid mhídhleathach drugaí go minic.[6]

Meastar gur margadh mór í Éire ag buíonta coirpeach eagraithe ó Mheiriceá Theas agus ón Áise. Deir na Gardaí gur daoine bochta ó na háiteanna sin is mó a thugann na drugaí isteach in Éirinn. Airgead suarach a íoctar leo den chuid is mó – míle euro, cuir i gcás – cé gur minic suas le €100,000 de chócaon a bheith ar iompar acu.

Is iondúil freisin gur taobh istigh dá gcolainn a bhíonn an cócaon i bhfolach acu, suas le 100 capsúl in amanna. Mar le cannabas, is i málaí taistil is mó a bhíonn sé i bhfolach, suas le luach €350,000 de go minic.[7]

Polasaithe in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2012 mhol an uile pháirtí ar Chomhairle Chathair Átha Cliath go mbunófaí lárionaid sa chathair ina gceadófaí féin-instealladh drugaí faoi mhaoirseacht foireann leighis. Ach chuir daoine sa cheantar ina gcoinne.[8] Ní raibh aon lárionad fós ar oscailt i dtús 2024.[9] Níl bunú ionaid den sórt céanna beartaithe fós i gCorcaigh ná in aon áit eile. Tugann an córas daonlathach in Éirinn deis arís agus arís eile do pholaiteoirí agus do vótálaithe moill a chur ar chabhair do dhaoine atá i gcruachás.

Fógraíodh polasaí cuimsitheach sláinte in 2019. Ach níl an polasaí curtha i bhfeidhm fós (in 2024) "mar gheall ar chúrsaí dlí" is cosúil.

Bunaíodh tionól saoránach chun drugaí a phlé sa bhliain 2023[10] agus foilsíodh an tuairisc in 2024 (Iml 1, Iml 2). Mhol an Tionól nach dtabharfaí daoine a mbeirtear orthu agus drugaí mídhleathacha ina seilbh os comhair cúirte feasta ach go gcuirfí seirbhísí leighis ar fáil dóibh. Tá polasaí dá leithéid i bhfeidhm cheana féin sa Phortaingéil agus san Ostair. Vótáil an Tionól (le móramh aon vóta) nár chóir an dlí, a deir go bhfuil seilbh channabais mídhleathach, a athrú.[8]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Scríbhneoireacht Chruthaitheach 09 – ‘Fadhb na ndrugaí agus an alcóil’ (Cartlann)" (ga-IE). Tuairisc.ie (2017-04-03). Dáta rochtana: 2024-01-27.
  2. "Nirvana owner's bizarre rant after blaze at store" (en). Irish Independent (2010-03-19). Dáta rochtana: 2024-09-15.
  3. "Man who set Capel Street head shop ablaze has jail term cut" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-01-27.
  4. Drug Deaths Taskforce NI, October 2023 / drugsandalcohol.ie (2023). "Drug Overdoses and Drug Related Deaths in NI". Dáta rochtana: 2024.
  5. HRB Research Library / .drugsandalcohol.ie (2023). "Drug Deaths". Dáta rochtana: 2024.
  6. Póilín Ní Chiaráin (22 Meitheamh 2022). "Tragóid ar shráideanna Bhéal Feirste – seisear ógfhear básaithe le coicís" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-27.
  7. Nuacht RTÉ (2024-09-13). "'Margadh mór drugaí anois í Éire ag gáinneálaithe idirnáisiúnta'" (as ga-IE). 
  8. 8.0 8.1 Cathal Mac Coille (27 Eanáir 2024). "Ár bpolasaí drugaí – is fada, léanmhar agus náireach an scéal é" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-27.
  9. "Medically supervised drug injection facility to open in Dublin" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-01-27.
  10. An Tionól Saoránach (2023). "Assembly on Drugs Use" (en-iE). Citizens' Assembly. Dáta rochtana: 2023-04-29.