Polasaithe in aghaidh drugaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Faireachán drugaí na gCustaim in Éirinn
Postaer de chuid National Institute on Drug Abuse, Md.[1]

Is éard atá i gceist le beartais in aghaidh drugaí (Béarlaː drug policy) ná srianta agus rialaithe curtha ar drugaí ag rialtais nó údaráis eile. Cothaíonn drugaí difriúla fadhbanna éagsúla do dhaoine éagsúla agus úsáideann daoine éagsúla drugaí difriúla ar chúiseanna éagsúla. Mar sin bíonn réitigh éagsúla de dhíth ar na fadhbanna seo agus níl aon fhreagra simplí ar na fadhbanna a bhfuil úsáid drugaí ina n-údar orthu, Ach nuair atá na fíricí ag daoine, tá sé níos fusa déileáil le saincheisteanna a bhaineann le drugaí.[2][3]

Polasaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní foláir an difríocht idir díchoiriú drugaí agus dleathú nó dlisteanú a shoiléiriú.[4]

Is ionann díchoiriú agus polasaí faoina mbeadh lánrogha ag na póilíní gan daoine a mbeadh drugaí mídhleathacha ina seilbh acu i gcomhair úsáid phearsanta a chúiseamh. Dá dtabharfaí a gcás chun cúirte, ní cion coiriúil a chuirfí ina leith ach cion a bheadh ar aon chéim le cion páirceála.

Chiallódh dleathú (nó dlisteanú) go mbeadh úsáid agus seilbh ar dhrugaí, nó drugaí áirithe, lándleathach. Is féidir drugaí dleathacha a chur "faoi smacht an stáit",[5] b'fhéidir.

D’fhéadfaí an dá pholasaí a chur i bhfeidhm i gcás gach druga nó i gcás druga amháin (cannabas mar shampla) nó raon teoranta drugaí.[4]

Coiriúlacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dar leis na Gardaí, chuaigh mí-úsáid drugaí thar lear i méid agus go ndeachaigh riar agus reacht chun donais i dtíortha inar maolaíodh feidhmiú an dlí.[6]

Polasaithe in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2012 mhol an uile pháirtí ar Chomhairle Chathair Átha Cliath go mbunófaí lárionaid sa chathair ina gceadófaí féin-instealladh drugaí faoi mhaoirseacht foireann leighis. Ach chuir daoine sa cheantar ina gcoinne.[6] Ní raibh aon lárionad fós ar oscailt i dtús 2024.[7] Níl bunú ionaid den sórt céanna beartaithe fós i gCorcaigh ná in aon áit eile. Tugann an córas daonlathach in Éirinn deis arís agus arís eile do pholaiteoirí agus do vótálaithe moill a chur ar chabhair do dhaoine atá i gcruachás.

Fógraíodh polasaí cuimsitheach sláinte in 2019. Ach níl an polasaí curtha i bhfeidhm fós (in 2024) "mar gheall ar chúrsaí dlí" is cosúil.

Bunaíodh tionól saoránach chun drugaí a phlé sa bhliain 2023[8] agus foilsíodh an tuairisc in 2024 (Iml 1, Iml 2). Mhol an Tionól nach dtabharfaí daoine a mbeirtear orthu agus drugaí mídhleathacha ina seilbh os comhair cúirte feasta ach go gcuirfí seirbhísí leighis ar fáil dóibh. Tá polasaí dá leithéid i bhfeidhm cheana féin sa Phortaingéil agus san Ostair. Vótáil an Tionól (le móramh aon vóta) nár chóir an dlí, a deir go bhfuil seilbh channabais mídhleathach, a athrú.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Úsáid mhídhleathach drugaí in Éirinn

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The name of the game is drug abuse prevention: any number can play - Digital Collections - National Library of Medicine". collections.nlm.nih.gov. Dáta rochtana: 2024-01-27.
  2. COGG. "Tobar na Gaoise". Dáta rochtana: 2022.
  3. An Roinn Sláinte (2016). "Comhairliúchán poiblí – Straitéis nua Náisiúnta Drugaí". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-06-26. Dáta rochtana: 2022.
  4. 4.0 4.1 Cathal Mac Coille (29 Aibreán 2023). "Obair thábhachtach uasal le déanamh ag Tionól Saoránach faoi cheist na ndrugaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-29.
  5. Grúpa Oibrithe Óige i gCoinne Cosc ar Dhrugaí / Rónán Ó Dálaigh (2021). "Tús Áite: Dleathú Drugaí" (ga-IE). RTÉ Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2023-04-29.
  6. 6.0 6.1 6.2 Cathal Mac Coille (27 Eanáir 2024). "Ár bpolasaí drugaí – is fada, léanmhar agus náireach an scéal é" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-27.
  7. "Medically supervised drug injection facility to open in Dublin" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-01-27.
  8. An Tionól Saoránach (2023). "Assembly on Drugs Use" (en-iE). Citizens' Assembly. Dáta rochtana: 2023-04-29.
  9. Clár Tús Áite (2021). "Dleathú nó dí-choiriúlú drugaí" (ga-IE). RTÉ Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2023-04-29.
  10. citizensassembly.ie (2024-01-25). "Launch of the Report of the Citizens' Assembly on Drugs Use" (en-IE). Citizens' Assembly. Dáta rochtana: 2024-01-27.