Jump to content

Úsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Úsáid talún

Úsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht is ciall le LULUCF,[1] earnáil nó catagóir a úsáidtear chun monatóireacht a dhéanamh ar astaíochtaí agus iad a thuairisciú. Ag brath ar an tslí a mbaintear úsáid as an talamh, féadfaidh sé a bheith ina:

  • fhoinse astaíochtaí

  • ina linn charbóin.

Déantar rialáil ar LULUCF faoi dhlí an AE. Ina theannta sin, caithfidh Rialtais an domhain tuairisc a thabhairt do na Náisiúin Aontaithe ar astaíochtaí LULUCF agus ar bhaint gháis ceaptha teasa de bharr thalamhúsáidí éagsúla agus cleachtais éagsúla um bhainistiú talún. Áirítear orthu sin:

dífhoraoisiú

foraoisiú

– tailte móna a dhraenáil

– curaíocht agus talamh a úsáid le haghaidh innilt ainmhithe.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. i mBéarla, Land use, land-use change, and forestryLULUCF
  2. gov.ie. "LULUCF / úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht" (ga-IE). Treoir ar Bhéarlagair Aeráide. Dáta rochtana: 2024-07-03.