Ó Cadhain i dTír Chonaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Díolaim scéalta ón mbéaloideas é Ó Cadhain i dTír Chonaill a bhailigh Máirtín Ó Cadhain agus Pádraig Ó Baoighill i nGaeltachtaí Thír Chonaill sa bhliain 1957. Foilsíodh sa bhliain 2007 é. Tá dlúthdhioscaí fuaime ag dul leis an leabhar le cuidiú leis an bhfoghlaimeoir blas ceart na canúna a tharraingt air féin.

Sa bhliain 1957 chuaigh Pádraig Ó Baoighill agus Máirtín Ó Cadhain ar a gcamchuairt thart ar Ghaeltachtaí Thír Chonaill, ó Ghleann Cholm Cille go Fánaid, le seanchaithe, amhránaithe agus ceoltóirí a chur faoi agallamh agus ábhar béaloidis a thaifeadadh uathu. Bhí siad ar lorg aíonna a bheadh feiliúnach le páirt a ghlacadh sna hoícheanta seanchais a bhí á n-eagrú ag Gael-Linn i Halla an Damer i mBaile Átha Cliath ón mbliain 1956 go dtí an bhliain 1958. Ba é ba chuspóir leis na hoícheanta seanchais cultúr na Gaeltachta a chur ar a súile do mhuintir na hardchathrach.

Sraith RTÉ[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne RTÉ ceiliúradh ar Ó Cadhain i dTír Chonaill le sraithchlár ar sheanchaithe, ar amhránaithe agus ar cheoltóirí Thír Chonaill. Taifeadtaí stairiúla a rinne Pádraig Ó Baoighill, arbh as Rann na Feirste dó ó dhúchas, agus an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain, as Conamara, sa bhliain 1957 a bhí sna cláracha agus bhí cuid de charachtair aithnidiúla an cheantair le cloisteáil iontu, agus a bhformhór ar shlí na fírinne inniu. Orthu sin, bhí Neidí Frainc, Biddy Sheáin Neill Uí Bhaoighill, Seán Bán Mac Grianna agus Aodh ó Duibheannaigh as Rann na Feirste; Séamus agus Mícheál Ó hIghne as Na Gleantaí; Mícheál Ó Tiomanaí agus John Ban Ó Tiomanaí as Mín na Srón; agus Pádraig Ó Siadhail agus Séan Ó Canainn as Fánaid.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]