Énrí Ó Muirgheasa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaÉnrí Ó Muirgheasa
Beathaisnéis
Breith14 Eanáir 1874
An Caisleán Thoir, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Lúnasa 1945
71 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Phádraig, Droim Conrach Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Scoláire Gaeilge, múinteoir, staraí, eagarthóir, scríbhneoir agus cigire ab ea Énrí Ó Muirgheasa (Béarla: Henry Morris), a rugadh sa bhliain 1874 i gContae Mhuineacháin.[1] Ba iad Lócás agus Moya Nic an Bhaird a thuismitheoirí. D'fhreastail sé ar scoil den chéad uair i Lios Dúnáin nuair a bhí sé naoi mbliana d'aois agus d'fhan sé ansin go dtí go ndearnadh monatóir de sa bhliain 1888. Gaeilge ó dhúchas a bhí ag a mhuintir. Bhí sé ina mhac léinn i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, ó Mheán Fómhair 1899 go dtí mí Iúil 1900. Bhunaigh sé an chéad chraobh de Chonradh na Gaeilge i gContae Mhuineacháin sa bhliain 1895 i dteach scoile Lios Dúnáin. Bhí sé ina Chigire Roinne agus ina Leas-Phríomhchigire de chuid na Roinne Oideachais. Sa bhliain 1901 chuir sé aithne ar an bPiarsach den chéad uair, agus ar Henry Tempest, an clódóir i nDún Dealgan. Sa bhliain 1903, bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Staire agus Seandálaíochta Chontae Lú.

I mí Iúil 1906, phós se Eilís Ní Rathallaigh as Dún Dealgan, a bhí ag teagasc in éineacht leis i Scoil Mhaolseachlainn. Rugadh mac dóibh, Colm, an bhliain dár gcionn ach fuair sé bás nuair a bhí sé naoi mí d'aois. Cúig mhí ina dhiaidh sin, fuair a bhean Eilís féin bás. Sa bhliain 1912 phós sé arís.

Bhailigh sé agus d'fhoilsigh sé:

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]