Ábhar saor

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é atá i gceist le hábhar saor ná aon saghas saothair, saothar ealaíne nó ábhar cruthaitheach, nach bhfuil aon teorainn dlíthiúil ann maidir le cead daoine eile an saothar sin a úsáid, a hath-dháileadh, a fheabhsú nó a roinnt. Tá sé tábhachtach freisin, más ábhar saor atá ann, gur féidir an t-ábhar a dháileadh mar ábhar saor tar éis aon athrú a dhéantar dó.

Tá na dlíthe a bhaineann le cóipcheart an-chasta ar fad. Uaireanta bíonn sean-ábhar saor ó chóipcheart de réir dlí, agus ins na cásanna seo is féidir cóipeanna a dhéanamh den ábhar sin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]