Gluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar strae (paimfléad)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
WD Bosca Sonraí LeabharGluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar strae (paimfléad)
Gluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar strae
Sampla de saothar liteartha
Sonraí teicniúla
Údar Máirtín Ó Cadhain
Teanga An Ghaeilge
Foilsithe 1970
Foilsitheoir Misneach

Paimfléad faoi pholaitíocht theanga na Gaeilge atá in Gluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar strae atá bunaithe ar chaint a thug Máirtín Ó Cadhain uaidh i Lúnasa na bliana 1969. D'fhoilsigh an grúpa stocaireachta Misneach é. San óráid, deir sé le gaeilgeoirí páirt a ghlacadh in 'Athghabháil na hÉireann'. Is ón bpaimfléad seo a thagann an ráiteas cáiliúil ón gCadhanach. Arm cathartha Gaeilgeoirí ar son na Gaeilge agus ar son na hÉireann a theastaíos anois. Is ann a deir sé gurb é dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina sóisialaigh freisin.

Rinne Páirtí Cumannach na hÉireann aistriúchán go Béarla air dar teideal The Irish Language Movement, a Movement Astray.