Yolngu Matha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tugtar Yolŋu Matha (yolŋu = daoine; matha = teanga) mar ainm coiteann ar theangacha na Yolngu (Yolŋu), Bundúchasaigh Thír Arnhem in oirthuaisceart na hAstráile. Tá na teangacha seo ar na cinn is láidre de na teangacha Bundúchasacha, agus tá baint acu le cultúr bríomhar a chuireann sé féin in iúl trí dheasghnátha agus ealaín ar leith.

Cineálacha agus canúintí[athraigh | edit source]

Rinn Nanydjaka, Tír Arnhem

Tá isteach is amach le sé theanga in Yolngu Matha agus tuiscint ag a gcuid cainteoirí ar a chéile. Tá na teangacha roinnte i dtimpeall tríocha cineál agus, b’fhéidir, dhá chanúint déag a bhfuil a ainm féin ar gach ceann acu. Deir Dixon go bhfuil an méid a leanas ann:[1]

Deir Bowern (2011) gur teangacha ar leith iad na cinn atá idir lúibíní.

Focail, fuaimniú agus comhréir[athraigh | edit source]

Gutaí[athraigh | edit source]

Córas trí ghuta atá ag Yolŋu Matha, mar is coitianta i dteangacha Bundúchasacha.

Guta gearr Guta fada
a [a] ä [aː]
i [i] e [iː]
u [u] o [oː]

Consain[athraigh | edit source]

Córas casta consanach atá ag Yolŋu Matha. Tugtar suntas do "rr" (/r/), consan nach rolladh fada é ach cnag.

Imeallach Laimineach Rinnchonsan stop scornáin
Déliopach Coguasach Carballach Déadach Ailbheolach Aislúbtha
Stopchonsan p, b /b/ k, g /ɡ/ tj, dj /ɟ/ th, dh /d̻/ t, d /d/ , /ɖ / ' /ʔ/
Srónach m /m/ ŋ /ŋ/ ny /ɲ/ nh /n̻/ n /n/ /ɳ /
Tríleach rr /r/
Taobhach l /l/ /ɭ /
Neasach w /w/ y /j/ r /ɻ/

Réimniú[athraigh | edit source]

Tá ceithre réimniú ag na briathra. Is é an bhunfoirm an aimsir chaite. Nasctar na réimnithe seo lena lán míreanna eile chun córas casta na n-aimsirí, na modhanna agus na ngnéanna a chruthú. Is féidir an dara foirm a úsáid mar ordú. Úsáidtear an tríú foirm le haghaidh gníomhartha a tharla cheana agus an ceathrú foirm mar ghnáthláithreach. Athraíonn an dara foirm, an tríú foirm agus an ceathrú foirm de réir dheireadh na bunfoirme, mar a leanas:

Grúpa Deireadh Bunfhoirm An dara foirm An tríú foirm An ceathrú foirm Gaeilge
1. djäma djäma djäma djäma oibrigh
2. –a ’uka ‘uki ‘ukana ‘ukanha(ra)* ith, ól
3. –i marrtji marrtji marrtjina marrtjinya(ra) téigh, siúil
4. –un mukthun mukthurru mukthurruna mukthuna(ra) ciúnaigh
5. –ma nhäma nhäŋu nhäŋala nhänha(ra) feic, féach
6. –irri wandirri wandi wandina wandinya(ra) rith
7. –an gurrupan gurrupulu gurrupara gurrupana(ra) tabhair
  • Tig le cainteoir -ra (atá idir lúibíní) a úsáid nó a fhágáil ar lár mar is toil leis. Is gnách é a fhágáil ar lár mura bhfuil iarmhír le cur leis an mbriathar.[2]

Forainmneacha[athraigh | edit source]

ŋarra(nydja) – mé (treisíonn -nydja an focal atá roimhe)
nhe –
ŋunha – sí/sé, í/é
ŋali – sinn beirt (cuimsitheach)
ŋilinyu – sinn beirt (agus daoine eile eisiata)
ŋilimurru – sinn triúr nó níos mó (cuimsitheach)
ŋanapurru – sinn triúr nó níos mó (agus daoine eile eisiata)
nhuma – sibh
manda – siad/iad beirt
walala – siad/iad - triúr nó níos mó

Tá mórán iarmhíreanna ann. Ag seo roinnt acu:

-lili – i dtreo
-miriw - gan
-mirri - i seilbh (ruda), ag coinneáil
-ŋura – ag, in aice le
-ŋuru – ó
-wu - le haghaidh, ag baint le

Ní dhéanann na briathra tagairt don aimsir iontu féin. Cuirtear an láithreach in iúl le yukurra agus an fáisteanach le yurru.

Wanhamala nhe marrtji yukurra? - "cá (i dtreo)+ tú + dul + (aimsir láithreach)" -Cá bhfuil do thriall anois?
Bala ŋarranydja yukurra marrtji rangilili - "go dtí + mé + (aimsir láithreach) + dul + trá+go dtí" - Táim ag dul go dtí an trá.

Tá solúbthacht ag baint leis an gcomhréir:

Djäma ŋarra yukurra – “i mo shuí + mé + faoi láthair” – Ag obair atáim.
Nhina walala yukurra – “ina suí + iad + faoi lathair” – Ina suí atá siad.

Focail[athraigh | edit source]

Roinnt focal a thugann léargas ar shaol agus mheon na Yolngu:

  • baldhurr' – comhartha a dhéantar ar an talamh agus lorg coise air mar threoir do dhaoine eile
  • balpalyun
1 maidí a chuimilt dá chéile chun tine a adhaint
2 laghairt ag rith suas crann
  • barraŋga'yun - buíochas a ghabháil arís agus arís eile, óráidí a fhreagairt le moladh
  • biŋgipiŋgiyun – corraí roimh dhúiseacht
  • buku-butmarama – cnámha na marbh a thabhairt ar ais go dtí a dtír féin
  • däpthun – slua ina suí, iad ag caint nó ina dtost
  • dhä-märranhamirri – bia a shacadh go gasta sa bhéal
  • gadipindi – siúl trí uisce go glúin
  • galŋa-dharrada – duine atá go maith chun fanacht i mbun oibre
  • galŋa-dharrwa – duine nach bhfuil de ghus ann fanacht i mbun oibre
  • lät-yätjirri – gan é a bheith ar do chumas siúl le teann péine
  • lirra-garrpin – duine a thimpeallú chun teacht roimhe
  • liya-marrkuwarra – rud a choinneáil ar d’intinn ach gan a bheith cráite aige
  • nyamanyamayun – imeacht fánach an éisc in uisce atá ag dul i ndísc
  • ŋäliŋali – áit shuaimhneach
  • ŋapa-lakarama – do chiontacht féin a cheilt trí choir a chur i leith duine eile atá ciontach freisin
  • rirriwul
1 tine a d’imigh in éag
2 eitleán ag tuirlingt
  • walanyawalanya – duine a chuireann bailchríoch ar rud go críochnúil gasta.
  • wäliyan - bean a rug cúigear clainne nó níos mó
  • waŋarr – na neacha sinseartha is túisce a chónaigh sa domhan agus a ndearnadh éin, ainmhithe agus rudaí eile díobh

Acmhainní teanga[athraigh | edit source]

  • Yolngu.net: gramadach, foclóir, stair [1]
  • Munuŋgiritj, Raymattja; Stockley Trevor (eagarthóirí). Yolŋu-Matha: An introduction to Gumatj and related languages in N.E. Arnhem Land. Yirrkala Community School Literature Production Centre, 1985, 1987, 1992.
  • Foclóirí le Beulah Lowe, David Zorc agus Michael Christie.
  • Graiméir le Jeffrey Heath, Frances Morphy, Melanie Wilkinson agus eile.[3]

Féach freisin[athraigh | edit source]

Nótaí[athraigh | edit source]

  1. Dixon, R. M. W., Australian Languages: Their Nature and Development, Cambridge University Press 2002: http://www.cambridge.org/catalogue/catalogue.asp?isbn=0521473780%7Cpage=xxxvi
  2. Lowe
  3. ARDS Language Publications

Tagairtí[athraigh | edit source]