Teangacha Bundúchasacha na hAstráile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

teangacha Bundúchasacha na hAstráile ar na teangacha is sine ar domhan, cé go bhfuil lion na gcainteoirí ag laghdú go tiubh. Tá a lán finte teangacha agus teangacha aonair ann a bhaineann leis an Astráil amháin agus le roinnt oileán máguaird; scéal ar leith is ea an Tasmáin. Ní léir faoi láthair cén gaol atá ag na teangacha seo lena chéile, cé go bhfuil dul chun cinn mór á dhéanamh i gcúrsaí taighde le roinnt blianta anuas.

Sa cheathrú deiridh den 18ú haois bhí idir 350 agus 750 treibh Bhundúchasach ann agus an oiread céanna de theangacha nó de chanúintí.[1]Inniu tá níos lú ná 150 teanga Bhundúchasach ann,[2] agus níl ach fiche ceann acu nach bhfuil i gcontúirt mhór. I measc na dteangacha a mhaireann, níl ach 10% á bhfoghlaim ag páistí, agus sin sna ceantair is iargúlta. Tá ag éirí le teagasc dátheangach i mionphobail áirithe. Timpeall 3,000 cainteoir atá ag na teangacha is treise.

Scar an Tasmáin leis an mór-roinn ag deireadh na hoighearaoise deireanaí, agus meastar nach raibh baint ar bith ag Bundúchasaigh an oileáin úd leis an saol amuigh ar feadh tuairim is 10,000 bliain. Ní féidir a gcuid teangacha a rangú cheal faisnéise, ach dealraíonn sé go raibh cosúlacht éigin idir iad agus teangacha na mór-roinne ó thaobh na fóineolaíochta de.

Staid na dTeangacha[athraigh | edit source]

Trí na teangacha seo a sheachadtar dúchas an chine Bhundúchasaigh – amhráin, béaloideas, eolas rúnda, oidhreacht atá préamhaithe i saol na sinsear. Níl aon fhianaise ann go fóill gur féidir an oidhreacht seo a sheachadadh trí Bhéarla nó tríd an gcriól atá á úsáid go forleathan sna ceantair is iargúlta. Is deacair, áfach, teanga a chaomhnú mura bhfuil ann ach lucht labhartha scáinte nó mura bhfuil oideachas dátheangach ar fáil. Tá pobail áirithe ann agus d’éirigh leo na teangacha agus bunús an dúchais a chaomhnú d’ainneoin bhrú an tsaoil nua: féach, mar shampla, Yolngu Matha i Laynhapuy Yirralka (oirthuaisceart Arnhem Land i gCríoch an Tuaiscirt).[3] In Victoria, stát deisceartach ar treascraíodh na pobail Bhundúchasacha agus a gcuid teangacha ón mbliain 1835 amach, tá chúig chlár athbheochana ar siúl anois.[4]

Is beag aird oifigiúil a tugadh ar theangacha Bundúchasacha go dtí le déanaí, ach tá athrú éigin tagtha ar an scéal. Aithnítear go bhfuil an chuid is mó acu i mbaol, agus gur fiú tréaniarracht a dhéanamh ar iad a thaifeadadh nó a chaomhnú. Bunaíodh an Aboriginal Interpreter Service i gCríoch an Tuaiscirt sa bhliain 2000; tá liosta ateangairí agus teangacha acu, agus freastlaíonn siad ar fhorais rialtais agus neamhrialtais.[5] Is fada scoláirí agus daoine eile ag áiteamh go bhfuil formhór na dteangacha ag meath go tiubh agus go gcaithfear a bhfiúntas a aithint agus beart a dhéanamh dá réir.[6][7] Is léir, áfach, nach í cinniúint na dteangacha seo an chloch is mó ar phaidrín lucht beartaithe polasaithe.

Léarscáil de theangacha Bundúchasacha, ag tosú thoir agus ag dul siar:

██ Nyulnyulan

██ Bunaban

██ Worrorran

██ Djeragan

██ Djamindjungan

██ Abhainn Uí Dhálaigh

██ Laragiya

██ Tiwi

██ Limilngan

██ Umbugarla

██ Giimbiyu

██ Yiwaidjan

██ Gunwinyguan

██ Barkly Thiar

██ Garawa, in éineacht le roinnt teangacha Tankic agus Pama-Nyungan

██ Pama-Nyungan agus cuid teangacha Tankic

Eolas ar an Aimsir a D'imigh[athraigh | edit source]

Dealraíonn sé gur trí na teangacha ársa seo a tháinig scéalta anuas ar an saol mar a bhí sé 10,000 bliain ó shin, nuair a bhí a mhalairt d’aeráid ann agus leibhéal na farraige i bhfad níos ísle:

  • Scéal faoi Phort Philib (Port Phillip) in Victoria, mar a bhreac Robert Russell síos é sa bhliain 1850: dúradh go raibh Bá Phort Philib ina talamh tirim tráth agus go sníodh Abhainn an Yarra bealach eile (trí sheascann Charram Carram).
  • Scéal faoin Mórsceir Bhacainneach, mar a chuala Bob Dixon é in Yarraba, díreach laisteas de Chairns: dúradh go mbíodh an cósta le hais na háite a bhfuil an sceir anois, agus ainmníodh áiteanna báite de réir an tsaghas foraoise a bhíodh ann.
  • Scéalta faoi Loch Eyre, mar a bhreac J.W. Gregory síos iad sa bhliain 1906: dúradh go mbíodh fásaigh na hAstráile Lárnaigh torthúil agus neart uisce le fáil ann, agus go mbíodh fásra mór timpeall an locha féin – cuimhne a chuireann go maith leis an tréimhse fhliuch luathHalaicéineach,[8] nuair a bheadh an loch lán d’uisce.

Tugann ábhar den saghas seo léargas ar leanúnachas na dtraidisiún a bhaineann le teangacha bunaidh na tíre.

Tréithe Comhchoiteanna[athraigh | edit source]

Baineann na teangacha Astrálacha le limistéar teanga nó Sprachbund, rud a fhágann go bhfuil an foclóir céanna acu, mórán, agus gur minic na tréithe fóineolaíocha céanna acu. Is minic caint ar leith á húsáid i gcuideachta dlúthghaolta áirithe - máthair bean céile, mar shampla. Foclóir ar leith atá i gceist anseo agus gan flúirse focal ann, cé go mbíonn an ghnáthfhóineolaíocht agus an ghnáthghramadach ann. Bíonn geis ar chaint i rith tréimhsí fada caointe nó deasghnátha tionscnaimh, agus is iomaí teanga chomharthaíochta a beartaíodh dá réir.

I gcúrsaí deilbhchomhréire is iomaí teanga Bhundúchasach a bhfuil tuisil eirgeatacha agus absalóideacha aici.[9]De ghnáth is córas scoilte é: is minic comhartha ainmneach-chuspóireach ar fhorainmneacha (nó ar an gcéad phearsa nó ar an dara pearsa) agus an tríú pearsa ina heirgeatach nó ina habsalóideach; uaireanta déantar idirdhealú idir beo agus neamhbheo.

I dteangacha éigin is féidir le pearsana áirithe (an dara pearsa daonna, an tríú pearsa daonna agus msd) a bheith trípháirteach, agus iad idir na hinfhillteacha cuspóireacha agus eirgeatacha: marcáiltear iad go soiléir mar eirgeatach nó mar chuspóireach i gclásail aistreacha agus iontu sin amháin. Tá teangacha eile ann agus níl de thuisil acu ach ainmneach agus cuspóireach.

Foghraíocht agus Fóineolaíocht[athraigh | edit source]

Míreanna[athraigh | edit source]

Trí ghuta atá sa ghnáthliosta fóineolaíoch: [a, i, u], agus iad fada nó gearr. Uaireanta déantar [a, i, ?] de [u].

Is annamh codarsnacht neamhghlórach ann; is féidir consan a fhuaimniú mar [p] i dtús focail agus mar [b] idir gutaí, agus dhéanfadh ceachtar den dá litriú cúis. Is annamh cuimiltigh ann ach oiread, go fiú [h]. Na cuimiltigh atá ann, nocht siad le déanaí de bharr análaithe, agus dá bhrí sin is neamhshiosaigh iad ar nós [ð] seachas siosaigh atá coitianta i dteangacha eile, ar nós [s]. Tá teangacha Astrálacha ann agus trí shaghas R acu (Walpiri, mar shampla) - plabadh, rolladh agus cóngarach (approximant).

Córas casta fuaimnithe atá ag na teangacha seo. Tá ceithre bhall aislúbtha[10] ag beagnach gach teanga, idir fhóinéimeach agus allafónach, agus é ag brath ar shuíomh na teanga (thiar nó ar tosach) agus ar a cruth (bioraithe nó cothrom). Tá consain phléascacha agus shrónacha le cloisteáil, agus consain thaobhacha go minic. Cloistear consain dhéliopacha agus choguasacha, agus consain charballacha go minic, ach níl consain sine siain ná consain scornáin ann.

Tá réimse iomlán consan ag Kalkutungu, mar shampla: p, m (déliopach); th, nh, lh (fiaclach); t, n, l (ailbheolach); rt, rn, rl (aislúbtha); ty, ny, ly (carballach); and k, ng (coguasach).

Consain[athraigh | edit source]

Is beag deacracht atá ag baint leis an tsraith ailbheolach t, n, l (or d, n, l). Déantar na fuaimeanna ailbheolacha féin nuair a theagmhálann an teanga leis an droim atá díreach ar chúl an drandail uachtair. Déantar rinnchonsain nuair a theagmhálann barr na teanga leis an droim úd. Is cosúil é seo le t, d, n, l an Bhéarla, cé nach n-análaítear an t. (Tá eisceacht amháin ann – an teanga Kala Lagaw Ya.)

Consain aislúbtha is ea an tsraith rinnchonsan eile: rt, rn, rl (nó rd, rn, rl). Tá an ball teagmhála níos faide siar, san réimse iarailbheolach nó réamhcharballach. Fuaimniú rinnchonsanach is ea an fuaimniú is coitianta; lúbann an teanga siar go dtí go dteagmhálann íochtar na bhairr leis an gcarball. Deir scoláirí éigin gur dócha nach gcloistear na rinnchonsain de ghnáth ach amháin nuair atá daoine ag caint go cúramach.

Consain bhosacha (laminal) is ea an tsraith “fhiaclach” th, nh, lh; fuaimnítear iad le bos na teanga tamaillín siar ón mbarr, agus trí bhealach ann lena dhéanamh de réir na canúna, an chainteora agus cháiréis an fhuaimnithe: (a) consan idirfhiaclach agus barr na teanga le feiceáil; (b) consan idirfhiaclach agus barr na teanga sáite síos ar chúl na bhfiacla íochtair; (c) consan fiaclailbheolach – bos agus barr na teanga ag teagmháil leis na fiacla uachtair agus leis an droim ailbheolach.

Fágann sin na consain charballacha ty, ny, ly. (Is minic a litrítear iad mar dj, tj, nó j.) Teagmháil bhosach atá anseo freisin, agus í níos faide siar, ó ailbheolach go hiarailbheolach, nó ó iarailbheolach go réamhcharballach. Is gnách barr na teanga a shá síos ar chúl na bhfiacla íochtair: féach sh an Bhéarla.

Baineann an cuntas thuas leis an gcuid is mó de na teangacha Bundúchasacha, agus tá gnáththomhas na dteangacha úd le fáil ann.

Litriú[athraigh | edit source]

Is dócha go bhfuil córas litrithe anois ag gach teanga Bundúchasach atá á labhairt fós. An aibítir Laidineach a úsáidtear. Má tá fuaimeanna ann nach bhfaighfeá i mBéarla léirítear iad le délitreacha nó uaireanta le hidirdhealaithigh – folínte nó comharthaí a thógtar uaireanta ón Aibítir Fhoghraíoch Idirnáisiúnta (AFI).

Teanga Sampla Aistriúchán Cineál
Pitjantjatjara pana 'talamh, ithir, cré; tír' taispeánann an délitir (folíne) an consan aislúbtha 'n'
Wajarri nhanha 'seo, an ceann seo' taispeánann an délitir 'n' le fuaimniú fiaclach
Gupapuyŋu yolŋu 'duine, fear' 'ŋ' (ón AFI) ag taispeáint srónach coguasach

Rangú[athraigh | edit source]

Deir formhór na dteangeolaithe go mbaineann an chuid is mó de theangacha Bundúchasacha leis an bhfine Pama-Nyungan, cé go bhfuil deacrachtaí ag roinnt leis agus nach nglacann R.M.W. Dixon leis go bhfuil sé ann. Ar son na caothúlachta, deirtear go mbaineann an chuid eile (teangacha a labhraítear sa limistéar is faide ó thuaidh) leis an bhfine "Neamh-Pama Nyungan", cé nach bhfuil gaol acu lena chéile. Deir Dixon nach féidir ginealas na dteangacha a dhéanamh amach anois agus iad ag dul i bhfeidhm ar a chéile le 40,000 bliain anuas nó mar sin, agus nach féidir a rá gur fine cheart í Pama-Nyungan féin. Is beag teangeolaí eile a aontaíonn leis seo.

Is gnách teangacha Bundúchasacha a roinnt ina gcúig fhine ar fhichid nó mar sin. Tá an rangú trialach a leanas ag brath ar obair Nick Evans agus a chomhpháirtithe in Ollscoil Melbourne.

  • Teangacha aonair:
  • Finte Aitheanta:
    • Bunaban (dhá theanga i dhá bhrainse) [glacann Dixon leo]
    • Teangacha limistéar Uí Dhálaigh (idir aon teanga dhéag agus naoi dteanga dhéag i gcúig bhrainse, agus Murrinh-Patha san áireamh) [cúig ghrúpa, dar le Dixon, agus ceann acu neamhchinnte]
    • Limilngan (dhá theanga – iad imithe in éag, b’fhéidir)
    • Djeragan (idir trí theanga agus cúig theanga i dhá bhrainse)
    • Nyulnyulan (ocht dteanga i dtrí bhrainse) [glacann Dixon leo]
    • Worrorran (idir seacht dteanga agus dhá theanga dhéag i dtrí bhrainse) [trí fhine, dar le Dixon]
  • Finte nuachumtha:
    • Mirndi, mar a leanas:
      • Yirram (idir dhá theanga agus ceithre theanga)
      • Barkly Thiar (trí theanga i dhá bhrainse)
    • Arnhem Land, mar a leanas:
      • Burarran (ceithre theanga i dtrí fhofhine, agus [N]djeebbana agus Nakkara san áireamh)
      • Iwaidjan (idir ceithre theanga agus ocht dteanga i gceithre bhrainse) [ceithre fhine, dar le Dixon]
      • Giimbiyu (dhá theanga agus trí theanga i dhá theanga)
      • Gaagudju (Kakadu) teanga aonair (imithe in éag, b’fhéidir)
      • Umbugarla teanga aonair (imithe in éag, b’fhéidir)
    • Maicrea-Pama Nyungan, mar a leanas:
      • An teanga aonair Ngurmbur (b’fhéidir)
      • Gunwinyguan (idir cúig theanga dhéag agus seacht dteanga dhéag i sé bhrainse, agus an teanga aonair Kungarakany san áireamh)
      • Pama-Nyungan Mór:
        • Tankic (ceithre theanga i dhá bhrainse)
        • Garawa (dhá theanga) [glacann Dixon leo]
        • Pama-Nyungan ceart (tuairim is 175 teanga i gceithre mbrainse dhéag bheo agus i mórán brainsí a d’imigh in éag) [is beag brainse acu a nglacann Dixon leis]

Chomh maith leo siúd, tá Minkin ann, teanga a d’imigh in éag agus gan mórán eolais uirthi. Deirtear gur theanga aonair í, agus is deacair í a rangú; b’fhéidir gur bhain sí le hIwaidjan nó le Tankic.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Michael Walsh. 'Overview of indigenous languages of Australia' in Suzane Romaine (ed) Language in Australia (Cambridge: Cambridge University Press, 1991) ISBN 0-521-33983-9
  2. Dalby, Andrew. "Dictionary of Languages": 43. Bloomsbury Publishing plc. 
  3. Féach McGowan, Fiona (2007), Melodies of Mourning: Music and Emotion in Northern Australia, UWA Press, ISBN 978-1-920694-99-9. Pléann an t-údar cúrsaí spioradáltachta agus dúchais i dtraidisiún agus i dteanga Yolngu an lae inniu.
  4. http://www.vaclang.org.au/project-detail.aspx?ID=12f
  5. http://www.dlghs.nt.gov.au/ais
  6. http://www.environment.gov.au/soe/2001/publications/technical/indigenous-languages.html: State of Indigenous Languages in Australia – 2001: Australia State of the Environment Technical Paper Series (Natural and Cultural Heritage), Series 2. P McConvell and N Thieberger, Department of the Environment and Heritage, 2001, ISBN 0-642-54871-4, lgh 31-32. Is fiú an páipéar uile a léamh.
  7. http://www.fatsil.org.au/Newsflash/Language-is-the-absolute-key-to-bridging-the-gap.html/
  8. Thosaigh an ré Halaicéineach 10,000 bliain ó shin mar an chuid dheireanach den Tréimhse Cheathartha, ré gheolaíoch a thosaigh dhá mhilliún bliain ó shin.
  9. Níl téarmaí deimhneacha Gaeilge ann go fóill atá ar comhbhrí le ergative agus le absolutive an Bhéarla (ergative / absolutif na Fraincise). Tuiseal a bhaineann leis an ainmneach i briathar aistreach is ea an ergative, ó ergatēs (oibrí) na Gréigise: cuireann sé in iúl gur gníomhaí atá i gceist. Ó absolūtus (scaoilte) na Laidine a thagann absolutive: baineann sé leis an ainmneach i mbriathar neamhaistreach (agus feidhm "neamhspleách" leis) nó leis an gcuspóir i mbriathar aistreach. Anseo úsáidtear eirgeatach agus absalóideach.
  10. Anseo úsáidtear aislúbtha mar leagan Gaeilge den téarma retroflex.

Naisc[athraigh | edit source]

Féach Freisin[athraigh | edit source]

  • Dixon, Bob (1984). Searching for Aboriginal Languages: Memoirs of a Field Worker. St Lucia: University of Queensland Press. ISBN 0702217139
  • Dixon, R. M. W. (2002). Australian Languages: Their Nature and Development. Cambridge: Cambridge University Press.
  • McConvell and Laughren (2004). "The Ngumpin-Yapa subgroup". In Claire Bowern & Harold Koch, Australian Languages: Classification and the Comparative Method. Amsterdam/Philadelphia: John Benjamins Publishing Company.
  • McConvell, Patrick agus Nicholas Evans (eag.) (1997). Archaeology and Linguistics: Global Perspectives on Ancient Australia. Melbourne: Oxford University Press.
  • McGowan, Fiona (2007). Melodies of Mourning: Music and Emotion in Northern Australia. University of Western Australia Press. ISBN 978-1-920694-99-9
  • McGregor, William B. agus Alan Rumsey (2009). Worrorran Revisited: the case for genetic relations among languages of the Northern Kimberley region of Western Australia. Canberra: The Australian National University. ISBN 978-0-85883-599-3