Wolfsburg
| Wolfsburg | |
|---|---|
| Armas | Suíomh |
| Rialtas | |
| Rialtas | |
| Stát | An tSacsain Íochtarach |
| Méara | Rolf Schnellecke (CDU) |
| Déimeagrafaic | |
| Achar | 204.02km² |
| Daonra | 121,451 (2010) |
| Dlús daonra | 595/km² |
| Cód poist | 38440-38448 |
| www.wolfsburg.de | |
Is baile tionsclaíoch i dTuaisceart na Gearmáine é Wolfsburg, a bhfuil clú agus cáil air de bharr Ceanncheathrú Volkswagen AG a bheith suite ann. Is é an logainm a bhí air ó cuireadh ar bun é go dtí an bhliain 1945 ná Stadt des KdF-Wagens bei Fallersleben[1] ainm a dhéanann tagairt don fáth ar cuireadh ar bun é an chéad lá riamh, sa bhliain 1938, is é sin ná ar mhaithe le tithíocht a chur ar fáil d’oibrithe mhonarchana nua Volkswagen, a bhí ag obair ar na chéad Volkswagen (“Gluaisteáin an Phobail”). Ba é KdF-Wagen bunainm an Volkswagen Käfer (“ciaróg”).
Tá Wolfsburg suite in oirthear na Sacsaine Íochtaraigh, in aice leis an teorainn stáit a dhéanann é a dheighilt ón Sascsain-Anhalt. B’ionann an teorainn seo agus an teorainn pholaitiúil a bhí idir Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Dhaonphoblacht na Gearmáine sna blianta 1949-1990.
Is minic a bhíonn Wolfsburg i mbéal an phobail go hidirnáisiúnta mar gheall ar rath an chumann sacair áitiúil, VfL Wolfsburg, a bhuaigh Craobhchomórtas na Gearmáine sa bhliain 2009.
[athraigh] Tagairtí
- ↑ Stadt des KdF-Wagens – Walter Krämer, Götz Trenkler agus Denis Krämer: Das neue Lexikon der populären Irrtümer. Frankfurt am Main, Eichborn, 1998. Lch. 365