Jump to content

William Heinesen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaWilliam Heinesen

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith15 Eanáir 1900
Tórshavn, Oileáin Fharó Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Márta 1991
91 bliana d'aois
Tórshavn, Oileáin Fharó Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, cumadóir, scríbhneoir, aistritheoir, péintéir, scríbhneoir scripte Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Danmhairgis agus an Fharóis
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinabc-literature.dk Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0374387 Discogs: 1957160 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir agus ealaíontóir Faróch a bhí in Andreas William Heinesen a saolaíodh ar an 15 Eanáir 1900 i dTórshavn (príomhchathair Oileáin Fharó) agus a shíothlaigh ar an 12 Márta 1991 san áit chéanna. Cé go raibh Faróis ó dhúchas aige, scríobh sé formhór mór a chuid leabhar as Danmhairgis, nó ní raibh mórán litríochta ar fáil as Faróis nuair a chuaigh sé ar scoil.

I dtús a réime bhí sé ina fhile, ach ba iad na húrscéalta agus na gearrscéalta a thabhaigh a chlú dó. Is é Tórshavn timpeallacht na n-imeachtaí ina chuid scríbhinní, ach san am chéanna, bíonn scéalta Heinesen ar maos le misteachas is le draíocht, agus is téama tábhachtach í streachailt an duine le fórsaí na farraige.