Wangari Maathai

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Wangari Maathai

Cosantóir comhshaoil is cearta daonna a rugadh i Nyeri na Céinia ab ea Wangari Maathai (1 Aibreán 194025 Meán Fómhair 2011). Bhain sí amach dochtúireacht in anatamaíocht na n-ainimhithe. Sa bhliain 1977 bhunaigh sí Gluaiseacht an Chreasa Ghlais, an scéim plandála crann ba mhó riamh san Afraic, agus aidhm aici bithéagsúlacht a chur chun cinn is ionannas níos láidre a thabhairt do mhná sa tsochaí. Bhuaigh sí Duais Nobel sa tsíocháin sa bhliain 2004, an chéad bhean Afracach a bhuaigh an duais sin.