Walter Reed

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Lia míleata a rugadh i mBelroi, Virginia ab ea Walter Reed (1851-1902). Rinne sé taighde i 1900 a thaispeáin gur tarchuireadh an fiabhras buí le corrmhíolta, agus de thoradh an léargais seo díothaíodh an galar i gCúba. Ainmníodh Ospidéal Míleata Walter Reed i Washington as.