Vúdú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist leis an vúdú ná reiligiún measctha atá á chleachtadh i Háítí. Is iad na comhábhair a aithnítear air ná creideamh tíre na hAfraice Thiar, go háirithe béaloideas na bpobal Fon agus Ewe; creideamh na nArawak, ar grúpa eitneach bundúchasach Meiriceánach iad; agus an Chríostaíocht Chaitliceach. Cuireadh bun leis an vúdú i Háítí nuair a tugadh Afracánaigh isteach ansin le haghaidh sclábhaíochta. B'éigean dóibh iompú chun an Chaitliceachais, ach san am chéanna, chloígh siad lena sean-nósanna dúchasacha, cé go ndearna siad iarracht cuma an Chaitliceachais a chur orthu.

Tá teacht ar chreidimh chosúla i dtíortha eile i Meiriceá seachas Háítí, ar nós vúdú Louisiana timpeall New Orleans, an húdú i ndeisceart na Stát Aontaithe, an santería i gCúba, agus an candomblé sa Bhrasaíl.

Creideann lucht an vúdú i nDia, nó Bondye (Fraincis: bon dieu, dia maith), a chruthaigh an domhan agus an ollchruinne, ach is dóigh leo nach féidir le duine dul i dteagmháil le Bondye, ós rud é nach mbacann dia chomh hard le himeachtaí an ghnáthshaoil. Is iad na lwa, na spioraid, a dtéann na fíréin ar lorg a gcabhrach.