Urú (teangeolaíocht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tá níos mó ná brí amháin leis an bhfocal “urú”; féach Urú.

I bhfoghraíocht stairiúil agus fóineolaíocht na dteangacha Ceilteacha, agus na teangacha Gaelacha go háirithe, is athrú tosaigh a chuirtear i bhfeidhm i gcomhthéacsanna áirithe é an t-urú. Eascraíonn sé go stairiúil as consan srónach a chomhshamhlú ag tús an fhocail.

Sa Ghaeilge mar shampla, tá éifeacht ag an eclipse :

  • consan glórach a chur in áit consain neamhghlóraigh (nó /f/);
  • consan srónach a chur in áit consain ghlóraigh;
  • /n/ a chur roimh guta tosaigh.

Mar shampla:

Bunfhocal Uraithe
peann /pʲaːn̪ˠ/ bpeann /bʲaːn̪ˠ/
teanga /tʲaŋɡə/ dteanga /dʲaŋɡə/
ceann /caːn̪ˠ/ gceann /ɟaːn̪ˠ/
bean /bʲan̪ˠ/ mbean /mʲan̪ˠ/
droim /d̪ˠɾˠiːmʲ/ ndroim /n̪ˠɾˠiːmʲ/
glúin /ɡɫ̪uːnʲ/ nglúin /ŋɫ̪uːnʲ/
freagra /fʲɾʲaɡɾˠə/ bhfreagra /vʲɾʲaɡɾˠə/
éan /eːn̪ˠ/ n-éan /nʲeːn̪ˠ/
oíche /iːhə/ n-oíche /n̪ˠiːhə/

Tá athrú den bhunús céanna sa Bhreatnais freisin, ach tugtar “athrú srónach” air (treiglad trwynol).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]