Ulf Svante von Euler

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fiseolaí a saolaíodh i Stócólm na Sualainne ab ea Ulf Svante von Euler (1905-1983). D'oibrigh sé in Institiúid Karolinska. Tháinig sé den chéad uair ar phrostaglaindin i 1936. Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine i 1970 le Bernard Katz is Julius Axelrod as noraidreinilín (noireipineifrín) a aonrú is a aithint mar néaratharchuradóir sa chóras néarógach comhbhraiteach. Uachtarán ar Fhondúireacht Nobel níos déanaí.