Bernard Katz

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bithfhisicí a rugadh i Leipzig na Gearmáine ab ea Bernard Katz (1911-2003). D'oibrigh sé sa Bhreatain an chuid is mó dá shaolré. Rinne sé taighde bunúsach ar sheoladh comharthaí leictreacha ar feadh néaróg, agus saghas is feidhmiú na néaratharchuradóirí ag teirminéil néaróg. Scríobh sé dhá leabhar cháiliúla, Electrical Excitation of Nerve (Spreagadh Leictreach Néaróg, 1939) agus The Release of Neural Transmitter Substances (Fuascailt Néaratharchuradóirí, 1969). Le Ulf von Euler is Julius Axelrod, bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine i 1970 as a thaighde.