Turcaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoTurcaí
Meleagris Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo defeoil turcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdGalliformes
FinePhasianidae
FofhineMeleagridinae
GéineasMeleagris Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758
Ainmníocht
Ainmnithe in ómósPeiriú Cuir in eagar ar Wikidata

Is éan mór sa ghéineas Meleagris é an turcaí, cosúil le piasún, dúchasach do Mheiriceá Thuaidh agus Láir. Tá turcaithe i measc na n-éan is mó ina raon.[1]

Speiceas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá speiceas turcaí ann:

  • an turcaí fiáin (Meleagris gallopavo) in oirthear agus lár Mheiriceá Thuaidh, agus
  • an turcaí súileach (Meleagris ocellata) ar Leithinis Yucatán i Meicsiceo.

Tréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • A cheann nocht. An fireannach le filleadh crochta craicinn ag bun a ghoib agus spor starraiceach ar gach cos. Tá sprochaille sainiúil ag fireannaigh den dá speiceas turcaí, atá ar crochadh ó bharr an ghoib.
  • Mar is amhlaidh le go leor éan mór a itheann ar an talamh (ord Galliformes), tá na cinn fhireanna níos mó agus i bhfad níos dathúla ná na cinn bhaineanna.
  • Áitríonn sé coillearnach mheasctha. Uiliteach. A chlúmh dorcha breac, ach na saghsanna saothraithe níos éadroime.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig na turcaithe is luaithe chun cinn i Meiriceá Thuaidh breis is 20 milliún bliain ó shin. Roinneann siad sinsear coitianta le cearca fraoigh, le piasúin, agus le héanlaith eile. Is é an turcaí fiáin sinsear an turcaí clóis, a ceansaíodh timpeall is 2,000 bliain ó shin, b'fhéidir.

Anois bíonn an turcaí an-choitianta mar éanlaith clóis, i gcomhair na Nollag go háirithe.

Comparáid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sicíní agus turcaithe cosúil lena chéile maidir le dhá phríomhthréith. Tá cosa ar a dtugtar crúibíní ag an dá cheann acu. Tá na crúibíní seo an-láidir agus úsáideann siad iad chun tochailt sa chré chun bia a fháil. Ina theannta sin tá goba géara ag an dá cheann acu chun bheith ag gobadh ar fheitheidí agus ar ghráinní.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim. 
  2. agriaware.ie. "Bia ón bhfeirm". Dáta rochtana: 2023.