Tullia d'Aragona

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

File de chuid na hAthbheochana Iodálaí ba ea Tullia d'Aragona (c. 1510–1556).

Tullia d'Aragona mar Shalómae. Moretto da Brescia a rinne.

A beatha[athraigh | edit source]

Ba í Giulia Campana, striapach chúirte, a máthair, agus deirtí gurbh é an Cairdinéal Luigi d'Aragona, nia Alfonso II Napoli, a hathair. Chaith sí a hóige i bhFlórans agus in Siena agus fuair scolaíocht ar leith. Thug a máthair léi chun na Róimhe í agus dul amach aici ar éirim a hiníne. Chaith sí tréimhse mhaith i bhFerrara freisin.

Ba mhinic intleachtóirí ar cuairt acu, leithéidi Giulio Camillo Delminio, Francesco Maria Molza, an Cairdinéal Ippolito de' Medici, Filippo Strozzi, Benedetto Varchi (ar chara léi é agus é ina mháistir scríbhneoireachta aici) agus Girolamo Muzio, a thiomnaigh mórán dánta di.

Cailleadh Luigi d'Aragona sa bhliain 1519, agus chaith Tullia seacht mbliana in Siena sular fhill sí ar an Róimh sa bhliain 1526. Chuaigh sí le ceird a máthar in aois a n-ocht mbliana déag agus bhain tairbhe as a cuid éirime. Ba bhreá an chuideachta í agus bhí cuma shimplí shuntasach ar a cuid éadaí.

Sa bhliain 1537 bhí sí le fáil i bhFerrara, cathair a raibh clú na n-ealaíon uirthi agus áit ar thit a lán fear i ngrá léi. I measc na bhfear sin bhí scríbhneoirí nótálta ar nós Ercole Bentivoglio, agus deirtear gur shnoígh sé ainm Tullia ar gach crann feadh Abhainn Po.

Sa bhliain 1543 phós sí Silvestro Guicciardi in Siena.

Timpeall na bliana 1545 chuir sí fúithi i bhFlórans. Do Cosimo I de' Medici , Diúc Fhlórans, a thiomnaigh sí Dialogo della infinità d'amore [Agallamh an Ghrá gan Chríoch] (1547), an saothar ba mhó iomrá dá cuid. Bhain seo le seánra a bhí go mór san fhaisean ag an am, ach léirigh saothar Tullia dearcadh baineann a thaitin go mór le mná oilte na ré sin.

Tullia d'Aragona

Tiomnaíodh Rime (1547), díolaim a raibh rian Petrarca uirthi, don Bhandiúc Eleonora di Toledo, bean chéile Cosimo I agus pátrún Tullia. Bhí clú ar leith ar shoinéad a chum sí i gcoinne Bernardino Ochino, seanmóirí dian a lochtaigh an ceol, an rince agus na bréagriochtaí.

Sceitheadh uirthi leis na húdaráis trí huaire, ach tháinig sí slán le cabhair óna cairde sa chúirt.

D'fhill sí ar an Róimh i Mí Dheireadh Fómhair 1548 agus cailleadh í i Mí Mhárta 1556.

A saothar[athraigh | edit source]

  • Rime della signora Tullia d'Aragona e di diversi a lei (1547).
  • Dialogo dell'Infinità d'Amore (1547).
  • Il Meschino, o il Guerino (1560).

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Tullia d'Aragona: Dialogues on the Infinity of Love: Chicago: University of Chicago: 1997: ISBN 0-226-13639-6
  • Julia Hairston: D'Aragona, Tullia: c1510-1556: Alt ar bhunachar sonraí na mbanscríbhneoirí Iodálacha faoi choimirce Leabharlann Ollscoil Chicago.
  • Georgina Masson: "Tullia d'Aragona, Intellectual Courtesan" in G.Masson (ed)Courtesans of the Italian Renaissance: London: Secker and Warburg: 1975: 91-131: ISBN 0-436-27352-7
  • Elizabeth A. Pallitto, "Laura's Laurels: Re-visioning Platonism and Petrarchism in the Philosophy and Poetry of Tullia d'Aragona," PhD Dissertation in Comparative Literature, City University of New York Graduate Center, 2002.
  • Elizabeth A. Pallitto (trnsl/ed): "Sweet Fire: Tullia d'Aragona's Poetry of Dialogue and Selected Prose": George Braziller: 2006: ISBN 0-8076-1562-5
  • Rinaldina Russell: "Tullia d'Aragona" in R.Russell (ed) Italian Women Writers: London: Greenwood: 1994: 26-34. ISBN 0-313-28347-8
  • Sunshine for Women: Tullia d'Aragona: 1510-1556: Beathaisnéis ghearr agus sleachta as Agallamh an Ghrá gan Chríoch

Féach freisin[athraigh | edit source]