Truailliú ola

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Exxon Valdez

Go mór mór, an dochar don fharraige is an cósta de bharr doirteadh ollmhór as tancaeir ola.

  • I 1967 scoilt an tancaer Torrey Canyon ar chósta Chorn na Breataine agus dhoirt 100,000 tonna ola sa bhfarraige.
  • I 1978 shuigh an Amoco Cadiz ar chósta na Briotáine agus dhoirt 220,000 tonna. I 1979 phléasc an tancaer Betelgeuse i gCuan Bheanntraí: cailleadh 49 duine is doirteadh suas le 120,000 tonna ola sa chuan.
  • I 1989 shuigh an t-olltancaer Exxon Valdez ar sceir gar do chósta Alasca agus dhoirt 45,000 tonna sa réimse luachmhar iascaireachta i gCaolas an Phrionsa Liam. Tharla doirteadh do-mheasta ollmhór i Murascaill na Peirse is Cúáit tar éis an chéad chogadh san Iaráic i 1991.
  • I 1993 chuaigh an tancaer Braer ar na carraigeacha ar Inse Shealtainn in Albain agus dhoirt 85,000 tonna ola.
  • Tharla an eachtra ola is measa fós i 2010 i Muir Chairib amach ó chósta New Orleans nuair a phléasc rige ola de chuid comhlacht BP ar an ngrinneall ag doimhneacht 1.5 km. Cailleadh 13 duine sa phléasc, agus meastar gur sceitheadh timpeall 500,000 tonna ola aimhe isteach sa mhuir.

Bíonn na drochthorthaí ar eachtraí mar seo an-fhadtéarmach de bhrí go dtruaillíonn siad an slabhra bia chomh hiomlán sin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Truailliú ola". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 680.