Rige ola

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rige ola amach ó chósta na Brasaíle

Is ardán é rige ola a shuitear os cionn foinse ola amuigh sa bhfarraige chun an deiric, na fearais druileála, is an fhoireann a iompar.

rige ola sa Mhuir Thuaidh

Tugtar seaicéad ar an túr ard a thógtar ar an talamh thirim is a tharraingítear amach ar théad, ina luí ar a thaobh, don ionad cuí roimh é a chur ina sheasamh.

In uisce tanaí seasann an seaicéad ar bháirse a tharraingítear don ionad agus a chuirtear go tóin poill ansin le bun daingean a chur faoin túr. In uisce domhain cuirtear cosa fosaithe ar an ngrinneall, agus greamaitear go docht ansin é le pionnaí cruaiche.

Tá rigí géilliúla ann freisin a bhíonn in ann luascadh rud beag ach greamaithe leis an ngrinneall le teanntáin. Béalmhír fhíorchrua diamaint nó tungstain a úsáidtear chun druileáil trí na carraigeacha don ola faoina mbun. Bíonn an bhéalmhír ar dheireadh píobáin fhada a dtugtar an sreangán druileála air.

Ina fhochodanna a bhíonn sé seo, gach ceann 9 m ar fhad. Caidéalaítear láib ar leith de cheimiceáin is uisce síos an sreangán, agus súnn an sreangán an smiotadh carraige suas amach as an bpoll síos don ola.

Coinníonn an láib an bhéalmhír fuaraithe freisin. Ach an bhéalmhír a stiúradh, is féidir le rige suas le 40 tobar a dhruileáil ag uillinneacha éagsúla chun teacht ar a thuilleadh ola.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Rige ola". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 560.