Trá na Sasanach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilTrá na Sasanach

Suíomh
Map
 51°50′40″N 10°14′41″W / 51.844312°N 10.244675°W / 51.844312; -10.244675
Logainm.ie1395024

Is láthair stairiúil in aice le Baile an Sceilg in Uíbh Ráthach í Trá na Sasanach[1] (Béarla: Tranasassenach). Bhí craobhacha éagsúla de Mhuintir Uí Shúilleabháin scaipthe ar fud iardheisceart na hÉireann le linn an chéad leath den 17ú haois. Bhí ceann de na craobhacha seo lonnaithe i gCaisleán Fhormaoileach i mBaile an Sceilg agus an Captaen Eoin Ó Súilleabháin Mór i gceannas orthu. Le linn Plandáil Chromail (1649-1653), dhiúltaigh an Captaen Ó Súilleabháin Mór géilleadh do Rialtas Shasana. Ansin bheartaigh fórsaí Shasana Ó Súilleabháin a chur faoi smacht agus thugadar faoina chuid tailte a ionsaí. Chuige seo d'fhág cabhlach de 3 nó 4 long Bá Thrá Lí chun tabhairt faoin ionsaí. Chrochadar ancaire i mBá na Scealg go luath ar maidin. Ansin chuireadar 160 fear i dtír roimh bhriseadh an lae. Tháinig na mairnéalaigh seo aniar aduaidh ar mhuintir na háite agus bhailíodar leo pé creach a d'fhéadfaidís lámh a leagan uirthi. Thiomáineadar stoic agus ainmhithe cois trá chun iad a chur ar bord loinge. Ghabhadar buíon den chosmhuintir agus thógadar iad mar ghialla chomh maith.

Bhíodar díreach réidh chun na hainmhithe agus an chreach a thógáil ar bord nuair a tháinig an Captaen Eoin Súilleabháin agus a chuid fórsaí ar an bhfód. Thug sé ordaithe don dá chaptaen a bhí ina theannta iad féin a chur i bhfeac - an Captaen Ó Braonáin ar an taobh thoir den trá agus an Captaen Mac Suibhne ar an taobh thiar. Bhain an Captaen Eoin Ó Súilleabháin agus a chomplacht leas as claí mar bhalla cosanta, chun fogha a thabhairt faoi fhórsaí Shasana.

Bhris cath fíochmhar amach agus goineadh an Captaen Súilleabháin sa cheathrú agus thit sé chun talaimh. Ansin d'ionsaigh an Captaen Ó Braonáin na Sasanaigh go fíochmhar. Níor thug sé deis do na Sasanaigh úsáid a bhaint as a lón airm. Bhí orthu dul i muinín na muscaed agus beaignití. Pící agus claimhte leathana a bhí ag na Gaeil agus iad sciliúil go maith leis na huirlisí troda seo. Buadh go tubaisteach ar thrí chomplacht Shasana. Maraíodh nó goineadh go dona a bhformhór agus éinne a d'fhan beo ghéilleadar go humhal. B'é an Captaen Edward Voclier a bhí mar chaptaen ar na Sasanaigh. Fear cróga ab ea é agus throid sé go fíochmhar. Goineadh é l0 n-uaire ach d'éirigh leis a chosa a thabhairt leis agus chuaigh sé í mbun snámha. Thóg bád dá chuid féin ar bord é. Theastaigh ó chuid de mhairnéalaigh Shasana na gialla Éireannacha a bhí acu a chrochadh. Níor aontaigh Captaen Voclier leis seo. Dúirt sé gur cath cothrom macánta a bhí ann agus shaoraigh sé na gialla. Tugadh a shaighdiúirí féin a bhí gonta ar ais dó. Maraíodh thart ar 30 de na Gaeil agus goineadh níos mó ná an uimhir sin. Faraor chuir an gortú a fuair an Captaen Ó Súilleabháin deireadh lena shaol mar shaighdiúir. Is de bharr an chatha seo a tugadh Trá na Sasanach ar an trá seo. Nuair a fuair Rialtas Shasana cuntas ar an gcath, bheartaíodar dún cosanta a thógáil in Oileán Dairbhre sa bhliain 1653 - san áit ina bhfuil an Tigh Solais anois, agus thógadar dún cosanta eile sa Neidín. Cuireadh buíon mhór saighdiúirí ar garastún sa dá dhún cosanta seo chun Ó Súilleabháin a smachtú agus a chur faoi chois.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]