Baile an Sceilg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Baile an SceilgBaile na Sceilge suite i gContae Chiarraí in Éirinn,[1] i nGaeltacht oifigiúil in Uíbh Ráthach. Tá Sceilig Mhichíl agus an Sceilg Bheag suite i ngar do Bhaile an Sceilg.

Suíomh[athraigh | edit source]

Sráidbhaile cósta atá ann ar an R566 ar Leithinis Uíbh Ráthaigh. Tá forbairt tar éis a bheith bainte amach idir an dá lonnaíocht de Bhaile an Sceilg agus Dún Géagáin in aice láimhe le blianta beaga anuas ach in éifeacht is dhá lonnaíocht ar leithligh iad fós. Tá Baile an Sceilg suite seacht gciliméadar déag ó dheas ó Chathair Saidhbhín agus thart ar 15 ciliméadar siar ón gCoireán.

Daonra[athraigh | edit source]

Tá an sráidbhaile lonnaithe laistigh de thoghcheantar Bhaile an Sceilg. Sa bhliain 2006 bhí 355 duine ina gcónaí sa toghcheantar.

An Gaeilge i Bhaile an Sceilg[athraigh | edit source]

I 2007 bhí 346 daoine i gcónaí i Baile an Sceilg. De réir an Staideár Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht labhair 107(30.925% don daonra) Gaeilge go laethúil taobh amuigh don córas oideachas.

Feidhmeanna agus Áiseanna[athraigh | edit source]

Sráidbhaile turasóireachta atá ann go bunúsach agus tá ceantar fairsing na trá ar an ní is díol spéise is mó do thurasóirí. Tá páirc carbhán, aonad monarchan, siopa/oifig an phoist agus tigh tábhairne/bialann suite i mBaile an Sceilg.

Fothracha[athraigh | edit source]

Bhí prióireacht Agaistíneach agus caisléan ann, ach níl le feiceáil anois ach fothracha.[2]

Comhshaol Nádúrtha[athraigh | edit source]

Tá an lonnaíocht suite ar mhachaire cósta comhréidh ar an taobh thiar de Bhá Bhaile an Sceilg. Tá ainmniú trá Brait Ghoirm an Aontais Eorpaigh faighte ag ceantar na trá. Tá ceantar na trá mar pháirt de Bhá Bhaile an Sceilg agus Inbhear na hUíne atá ina SAC iarrthóra le mór-shuntas caomhnaithe de bharr láithreacht dhá chineál riasc goirt, atá liostaithe in Iarscríbhinn 1 de Threoir Gnáthóga an Aontais Eorpaigh. Chomh maith leis sin tá daonra suntasach d’fheadóga chladaigh agus scótair sa cheantar.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. http://www.logainm.ie/?text=Baile+an+Sceilg
  2. Lord Killanin agus Michael V. Duignan: The Shell Guide to Ireland, Ebury Press, Londain 1967, leathanach 86