Tom Enders

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tom Enders
Thomas Enders.jpg
Enders ag an Fóram Eacnamaíoch Domhanda sa bhliain 2008
Dáta breithe Nollaig 1958
  Neuschlade, An Ghearmáin
Náisiúntacht Gearmánach
Gairm Príomhfheidhmeannach
Iomráiteach do Ina cheannaire aonair ar EADS.

Is feidhmeannach gnó Gearmánach é an Dr Thomas "Tom" Enders. Faoi láthair tá sé ina phríomhfheidhmeannach ar an chomhlacht European Defence and Space Company nó (EADS), tar éis a réamhtheachtaí Louis Gallois éirí as an phost céanna, i Mí na Bealtaine 2012. Bhí Enders ina phríomhfheidhmeannach ar Airbus, roimh theacht go dtí EADS. Bhí, roimhe seo, roinnt post feidhmiúcháin aige le DaimlerChrysler Aerospace agus laistigh den Aireacht Cosanta i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine .

Nuair a chéad bunaíodh EADS, bhí dhá príomhfheidhmeannach ar leith ann- ceann amháin ón Fhrainc agus ceann eile ón Ghearmáin. Dá éis sin, ghlac Enders an cheannaireacht aonair. I mí Iúil 2010, d'áitigh sé go mbeadh torthaí i bhfad níos fearr ar fáil le chomhtháthú na dtionscal cosanta Eorpacha ná an brú ar mhaithe le caomhnaitheacht a bheith i bhfeidhm orthu.

Tá sé freisin ina chathaoirleach ar an Bundesverband der Deutschen Luft- und Raumfahrtindustrie e.V. nó an (BDLI), cumann lucht na dtionscal aeraspás de chuid na Gearmáine.