The Long Stone, Sráid na Teamhrach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
The Long Stone, Sráid na Teamhrach
Sonraí
CineálTeach tábhairne
Foirgníocht1754 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta an dúnaidh oifigiúil2018 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Átha Cliath, Éire
Suíomh11 Townsend St, Baile Átha Cliath 2
Map
 53°20′46″N 6°15′21″W / 53.34598562°N 6.2557871°W / 53.34598562; -6.2557871

Ba theach tábhairne i mBaile Átha Cliath é The Long Stone a bhí suite ar Shráid na Teamhrach. Tá cúlra Lochlannach ag ainm an tábhairne seo. Thart ar an mbliain 837 AD tháinig na Lochlannaigh i dtír timpeall ar an áit seo. Chuir siad cloch fhada ina seasamh le rá gur leo an áit (os comhair gheataí Choláiste na Tríonóide sa lá atá inniu ann). Bhí an chuid seo den chathair faoi abhainn na Life ag an am agus sheas an chloch ann go maorga go 1794. Líonadh an abhainn isteach anseo ina dhiaidh sin. Cuireadh dealbh nua-aimseartha den chloch san áit. Clíodhna Cussen a dhear.

Dhún an teach tábhairne ag deireadh na bliana 2018.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Popular Dublin pub The Long Stone to close after 264 years" (2018-12-21). Dáta rochtana: 2023-06-19.