Na Luaithe (cruicéad)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó The Ashes)
WD Bosca Sonraí Comórtas SpóirtNa Luaithe
Íomhá
Cineálcomórtas spóirt Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtcruicéad Cuir in eagar ar Wikidata
EagraíComhairle Idirnáisiúnta an Chruicéid Cuir in eagar ar Wikidata
Áit agus dáta
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Dátaí1882 – Cuir in eagar ar Wikidata

Reáchtálfar The Ashes, nó Na Luaithe, gach dhá bhliain, mórchluiche cruicéid, nó cruicéad tástála, idir an Astráil agus Sasana. Ní mheallann aon chomórtas na meáin sna tíortha sin mar a dhéanann ceann na Luaith;. tarraingíonn an an mórchluiche suim ollmhór i gcónaí.[1]

Foireann Sasanach, 1883
Foireann Sasanach, 2015

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba sa mbliain 1877 a d’imir an Astráil agus Sasana a chéile den chéad uair ariamh i dteist chruicéid agus bhuaigh na Sasanaigh ar bheagán dua i Melbourne.

The Sporting Times Londain, 2 MF 1882

Cúig bliana dár gcionn thugadar aghaidh ar a chéile san Oval i Londain, agus cé go mba bheag súil a bhí leis, ba iad na hAstrálaigh a bhuaigh. Ní bréag a rá gur chuir a raibh tarlaithe alltacht orthu siúd a chéadcheap an cluiche agus a mheas go mba leo é ar chuile bhealach. I nuachtán a raibh The Sporting Times mar ainm air foilsíodh tuairisc bháis fhonóideach ag fógairt bás an chluiche i Sasana. ‘The body will be cremated and the ashes taken to Australia,’ a dúradh sa bhfógra.

Níor imríodar a chéile arís go dtáinig Nollaig/Eanáir/Feabhra 1882-1883 nuair a thug na Sasanaigh cuairt chun na hAstráile. Bhaist na meáin ‘the quest to regain the ashes’ ar an turas. Nuair a thugadar an bua leo bronnadh próca ina raibh luaithe an chruicéid ann, mar ó Dhia.

Níor bronnadh an chéad phróca sin (nó corn) ó 1883, ach ó shin beagnach chuile uair a dtagann deireadh leis an iomaíocht idir na tíortha ardaíonn an captaen buacach próca beag de chineál éicint in airde[1]

An corn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Próca beag atá ann (10.5cm nó 4’) agus ó thug captaen na Sasanach Ivo Bligh[2] abhaile leis é in 1883, tá sé ar taispeáint in iarsmalann an MCC i Lord’s. Tá sé ráite gur luaithe bata a dódh atá ann, ach níl aon chruthúnas air sin agus ní chuirtear an cheist.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Mártan Ó Ciardha (25 Meitheamh 2023). "Díol spéise an scéal a mhíníonn cé as ar baisteadh comórtas na Luaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-25.
  2. "Ivo Bligh, 8th Earl of Darnley" (as en) (2023-05-24). Wikipedia.