Tess Uí Chonghaile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTess Uí Chonghaile
Beathaisnéis
BreithAn Máimín, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Márta 2005
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

B'amhránaí ar an sean-nós as an Máimín ó dhúchas í Tess Uí Chonghaile (née Tess Ní Cheallaigh).[1] Bhuaigh sí Corn na mBan ag Oireachtas na Samhna in 1981 leis na hamhráin “Loingseach Bhearna” agus “Aithrí an Táilliúra”. Bronnadh Gradam Shean-nós Cois Life uirthi in 2005. Tá amhráin dá cuid ar fáil ar chaiséad a d'eisigh Camus Productions in 1988 dar teideal Ó Mháimín go Camus.[2]

Phós sí Micheál Ó Conghaile agus thóg sí naonúr clainne i Leitir Mucú, tar éis tréimhsí ina cónaí i Manchain, Halifax, agus Huddersfield.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9. 
  2. "Disc C". Irish Music Review. Dáta rochtana: 2024-01-23.