Teimisticléas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimisticléas
Themistokles.jpg
Dáta breithe c.524 RC
  An Aithin
Dáta báis 459 RC
  Magnesia, An Áise Bheag
Gairm Polaiteoir agus ginearál

Polaiteoir agus ginearál Aithneach ab ea Teimisticléas (Gréigis: Θεμιστοκλῆς; "Glóir an Dlí"); c. 524-459 RC.

Bhí sé ar dhuine de phór nua pholaiteoirí, i dteannta a chéile comhraic Aristides, a tháinigh chun tosaigh i mblianta luatha an daonlathais Aithnigh. Mar pholaiteoir, bhí Teimisticléas ina phobalóir, a bhí ag brath ar tacaíocht ó Aithnigh ísealaicmeacha, agus a bhí de gnáth i gcoimhlint leis na huaisle Aithneacha. Tofa ina 'archon' (Gréigis: ἄρχων, 'Rialóir' nó 'Tiarna') sa bhliain 493 RC, ghlac sé céimeanna chun cumhacht chabhlach na hAithne a mhéadú, agus a bhí ina nós athfhillteach ina shaol polaitiúil. Le linn chéad ionradh na bPeirseach ar an Ghréig, throid sé ag Cath Mharatóin, agus b'fhéidir gur cheann de na 10 strategos (Gréigis: στρατηγός, ginearál) sa chath é.