Teilisiopadóireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Córas chun siopadóireacht a dhéanamh ón mbaile, ag baint feidhm as líonra teileachumarsáide cosúil leis an Idirlíon. Tugtar siopadóireacht ar líne uirthi freisin. Bíonn liosta na mbianna, na n-earraí is na seirbhísí atá á soláthar ag an siopadóir le breathnú ar scáileán ríomhaire nó teilifíse an tomhaltóra. Is féidir iad a ordú go díreach agus íoc astu le teileabhaincéireacht thar an líonra teileachumarsáide. Ansin seachadtar na hearraí don tomhaltóir ag am socraithe.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teilisiopadóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 654.