Teicnéitiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachTeicnéitiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha
Teicnéitiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachTc
Uimhir adamhach43
Mais adamhach97.907
Cumraíocht leictreon[Kr] 4d⁵ 5s²
Peiriad, Grúpapeiread 5
Dúil Ghrúpa 7
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leáphointe2,170
Leictridhiúltacht1.9
Ga ianach0.65
Stair
AimsitheoirEmilio Segrè agus Carlo Perrier
Fionnachtain1937
Eapainmteicneolaíocht

Is é an teicnéitiam an dúil is éadroime acu siúd nach bhfuil ach iseatóip radaighníomhacha acu. Is é dúil cheimiceach uimhir a 43 é, agus é suite in aon ghrúpa leis an réiniam agus leis an mangainéis, dhá dhúil a bhfuil sé gaolmhar leo ó thaobh na ceimice de. Is é an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige ná Tc-98, agus é 4 mhilliún agus dhá chéad míle bliain ar leathré; Tc-97, agus é 2.6 milliún bliain ar leathré; agus Tc-99, agus é 211 mhíle bliain ar leathré. Is é Tc-99 an t-iseatóp is tábhachtaí ó thaobh na teicneolaíochta agus na táirgeachta de, nó tá sé le fáil go réidh i ndramhaíl eamhnaithe na n-imoibreoirí núicléacha.

Níl an teicnéitiam ar fáil go nádúrtha sa dúlra. Ba iad na fisiceoirí Sicileacha Carlo Perrier agus Emilio Segrè a d'aithin an chéad uair é in eiseamal de thruflais radaighníomhach a fuair Segré mar bhronntanas ó Ernest O. Lawrence i ndiaidh dó cuairt a thabhairt in Ollscoil Berkeley le cioglatrón Lawrence a fheiceáil - ba é Lawrence a chéadcheap an cioglatrón. Go bunúsach, ní raibh i gceist ach páirteanna den chioglotrón nach raibh inúsáidte a thuilleadh, ó bhí siad éirithe radaighníomhach. Le cuidiú an cheimiceora Perrier, fuair Segrè amach gur dúil anaithnid ba chúis leis an radaighníomhaíocht sa sampla, agus d'iompaigh sé amach gurb é dúil uimhir a 43 a bhí i gceist - dúil a raibh tóir bhuile ag na ceimiceoirí uirthi le fada, ó bhí sliotán folamh ann di i dtábla peiriadach na ndúl. Bhaist siad teicnéitiam uirthi, is é sin, an dúil shaorga - tá gaol ag an ainm le "teicníocht", "teicneolaíocht" agus araile. Ní mó ná sásta a bhí lucht riaracháin Ollscoil Palermo leis an ainm seo, nó b'fhearr leosan panóirmiam a thabhairt ar an dúil nua agus ainm Palermo (Panormus as Laidin) a bhuanú i mbéal phobal na heolaíochta.

Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +IV, +V agus +VII. Cé gur miotal é an teicnéitiam, ní bhíonn sé fonnmhar chun iain dheimhneacha a dhéanamh. Ina áit sin, ceanglaíonn sé naisc chomhfhiúsacha. Tá dhá ocsaíd ag an teicnéitiam, mar atá, an heaptocsaíd détheicnéitiam Tc2O7 agus dé-ocsaíd an teicnéitiam TcO2.

Tá ocsaigéad ag an teicnéitiam, is é sin, an t-aigéad sártheicnéatach, HTcO4, aigéad láidir a bhfuil tábhacht nach beag lena chuid salann do na ceimiceoirí. Tá struchtúr na salann seo (na sártheicnéatáití) cosúil leis na sármhanganáití, ach ní ocsaídeoirí láidre iad, nó tá an t-ian sártheicnéatáite, TcO4-, cuíosach cobhsaí. Is féidir, áfach, í a dhí-ocsaídiú go teicnéatáit, TcO42-.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]