Réiniam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Réiniam
Siombail Cheimiceach Re
Uimhir Adamhach 75
Meáchan Adamhach 186.207(1) g·mol−1
Grúpa, Peiriad 7, 6, d
Dlús 21.02 g·cm−3
Sraith Cheimiceach Miotail trasdultacha
Re-TableImage.png

Miotal trasdultach é an réiniam, arb é dúil uimhir a 75 é, agus is é an giorrúchán a sheasann dó ná Re. Miotal geal trom é agus é ar ceann de na dúile is éagoitianta dá bhfuil ann. Tá éileamh mór agus praghas ard air dá réir sin, agus é tábhachtach san eitleoireacht, nó úsáidtear cuid mhór réiniam le haghaidh na gcóimhiotal as a ndéantar scairdinnill. Ba iad na heolaithe Gearmánacha Walter Noddack, Ida Tacke agus Otto Berg a d'aonraigh an chéad sampla réiniam sna 1920idí. D'ainmnigh siad an dúil as an Réin, abhainn mhór iarthar na Gearmáine.

Tá dhá iseatóp nádúrtha ag an réiniam, Re-185 agus Re-187. Is é Re-187 an ceann is coitianta acu, agus é níos flúirsí (62.6 % de réiniam an dúlra) ná an ceann eile. Mar sin féin, is raidiseatóp é Re-187. Radaighníomhach is mar atá sé, tá sé an-fhadsaolach, rud a fhágann nach baol don duine radaighníomhaíocht an réiniam nádúrtha. Is é an cineál meath radaighníomhach a thagann ar an gcineál seo réiniam ná béite-mheath. Mar sin, is dual do réiniam-187 leictreon a astú agus claochlú go hoismiam-187.

ceimic an réiniam iontach casta, agus raon fada d'uimhreacha ocsaídiúcháin aige, ó -3 go +7.