Tegucigalpa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilTegucigalpa

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 14°06′21″N 87°12′14″W / 14.105714°N 87.204008°W / 14.105714; -87.204008
Stát ceannasachHondúras
Department of Honduras (en) AistrighFrancisco Morazán Department (en) Aistrigh
Municipality of Honduras (en) AistrighDistrito Central (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán1,682,725 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús8,350.99 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla201.5 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Choluteca Cuir in eagar ar Wikidata
Airde990 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1578 (Féilire Ghréagóra)
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist11101 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinamdc.hn Cuir in eagar ar Wikidata

Is í Tegucigalpa príomhchathair Hondúras agus an chathair is mó sa tír. Tá sí suite i ngleann den ainm céanna ag 14°5′thuaidh 87°13′thiar. Tagann an t-ainm ó Tekut Xiuatl Pan, "sliabh airgead" i Nahuatl.


Cuireadh an chathair ar bun le linn tréimhse na coilíneachta mar ionad mianadóireachta. Ba í an chathair mhianadóireachta ba mhó i Meiriceá Láir í ar feadh tamaill, agus rinne an tUachtarán Marco Aurelio Soto príomhchathair na tíre di mar go raibh baint mhór aige féin leis an tionscal sin. Tá an chathair timpeall míle méadar os cionn leibhéal na farraige rud a mhaolaíonn an aeráid, ach suite mar atá sí ar thalamh sléibhtiúil níl sí leagtha amach go rialta mar a bhíonn go leor de na cathacha coilíneacha Spáinneacha.

Tá timpeall milliún go leith daoine ina gcónaí i mórcheantar Tegucigalpa. Éadach, siúcra agus tobac na príomhthionscail anois.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glaodh "Real Villa de Tegucigalpa de Heredia" ar Tegucigalpa nuair a bunaíodh é ar an 29 Meán Fómhair 1578 san áit a raibh baile dúchasach cheana féin. Ionad airgid agus óir a bhí ann ag an am. Ní dhearnadh príomhchathair bhuan Hondúras di go dtí an bhliain 1880.