Marco Aurelio Soto

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Marco Aurelio Soto
Marco Aurelio Soto.jpg

Uachtarán ar Hondúras
In oifig
27 Lúnasa 1876 - 19 Deireadh Fómhair 1883
Réamhtheachtaí: J.M. Medina (sealadach)
Comharba: Luis Bográn

Dáta breithe 13 Samhain 1846
  Tegucigalpa, Hondúras
Dáta báis 25 Feabhra 1908
  Páras, An Fhrainc
Páirtí Partido Liberal de Honduras

Bhí Marco Aurelio Soto (1846-1908) ina Uachtarán ar Hondúras ón 27 Lúnasa 1876 go dtí an 19 Deireadh Fómhair, 1883. Bhí cáil an liobrálachais air. Is iomaí leasú a rinne sé sa tír lena linn, lena n-áirítear Leabhar Náisiúnta (Bibliotéca Nacional de Honduras) a bhunú sa bhliain 1880.

Rugadh é i Tegucigalpa ar an 13 Samhain 1846, bhain sé cáilíocht abhcóide amach agus chláraigh sé ina bhall den Ghluaiseacht Leasúcháin (Movimiento Reformista) a bhunaigh Justo Rufino Barrios sa bhliain 1871.

Bhí sé ina uachtarán ar an tír ar feadh sé bliana. Ba é a rinne príomhchathair na tíre de Tegucigalpa.