Teampall Chaomháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Teampall Chaomháin
Íomhá
Sonraí
CineálFothracha agus fothrach eaglaise
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinInis Oírr, Éire
SuíomhInis Oírr
Map
 53°03′50″N 9°30′51″W / 53.0639228°N 9.5141405°W / 53.0639228; -9.5141405
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir41.08

Is fothrach séipéil in Inis Oírr a tógadh sa 10ú haois é Teampall Chaomháin. Tá an bealach isteach sa séipéal faoi leibhéal na talún sa lá atá inniu ann toisc go raibh sé beagnach curtha faoi ghaineamh séidte, ach tá an suíomh tochailte anois agus coinníonn muintir an oileáin é glan ó ghaineamh. Cuireadh díon air le déanaí chun é a chosaint ar an ngaineamh ó na dumhcha atá ina thimpeall. Níl ach an saingeal le feiceáil sa lá atá inniu ann.

Tá uaigh Naomh Caomhán, nó Leaba Chaomháin, suite soir ó thuaidh den séipéal. Is traidisiún é ar an oileán bigil fhéile na naomh a chaitheamh ag guí ag an uaigh. Creidtear gur leigheasadh daoine anseo.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]