Teagmhas Tunguska

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Pléascadh an-chumasach nádúrtha a tharla go híseal san atmaisféar os cionn fásach na Sibéiré i ngleann Tunguska i 1908. Tuigtear anois gur imbhualadh núicléas cóiméid bhig nó astaróidigh leis an atmaisféar a bhí ann. Meastar go raibh an pléascadh coibhéiseach le pléascadh buama núicléach dhá mheigeatonna. Leacaigh sé 3,000 ciliméadar cearnach den fhoraois. Ní bhfuarthas aon rian de smionagar astaróidigh ann, rud a mhúsclódh an smaoineamh gur ábhair sho-ghalaithe a bhí ann.